Fáiltionn an tUachtarán roimh a Naofacht, An Pápa Tawadros II

Déa 18th Bea, 2017 | 12:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltionn an tUachtarán roimh a Naofacht, An Pápa Tawadros II

Fáiltionn an tUachtarán roimh a Naofacht, An Pápa Tawadros II, Pápa Chathair Alastair, agus Patrarc ar Shuí Mharcais Naofa.

 

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh an bPápa Rónaofa Tawadros II, Pápa Chathair Alastair agus Patrarc Shuí Naomh Marcas, in Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí an Pápa Tawadros II á thionlacan ag a Soilse Uasal Soha Gendi, Ambasadóir na hÉigipte; an tEaspag Antaine, Easpag na Deoise Coptaí in Éirinn, in Albain, i Sasana Thoir Thuaidh agus a réigiúin chleamhnaithe; an tEaspag Makar, AD Ashraf Ibrahim Salim Guirguis, Easpag Sharkia agus an Deichiú Ramadan; an tEaspag Pavly, AD Emil Narouz Makary Bekhat; agus Easpag (Anba) Angaelos.

Le linn a gcruinnithe chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl maidir leis na daoine a bhásaigh sna hionsaithe le gairid ar dhá shéipéal Choptacha in Tanta agus i gCathair Alastair ar Dhomhnach na Pailme.

Phléigh an tUachtarán Ó hUigínn agus an Pápa Tawadros roinnt ceisteanna a raibh tábhacht náisiúnta, réigiúnach agus domhanda ag baint leo. Chuir an bheirt cheannairí béim ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta bunaithe ar riail an dlí agus ar fhíorú gealltanas reatha chun tabhairt faoi dhúshláin mhóra ár linne, agus chun gealltanais maidir le cearta an duine agus leis an tsaoirse bhunúsach, saoirse creidimh agus tuairimíochta ina measc, a dheimhniú agus a neartú.  

Chuir na ceannairí béim ar ríthábhacht chearta an duine, saoirse creidimh agus cearta na bpríosúnach san áireamh. Rinne an tUachtarán Ó hUigínn tagairt ar leith do chás práinneach an tsaoránaigh Éireannaigh Ibrahim Halawa, agus dúirt sé go dteastaíonn réiteach ar an gcás go géar.  

Dhírigh an bheirt cheannairí, freisin, ar an tábhacht a bhaineann le comhrá polaitiúil cuimsitheach mar mhodh leis an tseasmhacht, an daonlathas agus an fhorbairt inbuanaithe a chinntiú.