Cuairt an Uachtaráin ar Bhiennale na Veinéise

Dom 21st Bea, 2017 | 10:00
suíomh: Arsenale, An Veinéis, An Iodáil
Cuairt an Uachtaráin ar Bhiennale na Veinéise

Is é an tUachtarán Ó hUigínn an chéad Uachtarán ar Éirinn le freastal ar an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne idirnáisiúnta is sine agus is mó ar domhan. 

Thug an tUachtarán cuairt ar phuball na hÉireann, an áit a raibh saothar an ealaíontóra Jesse Jones, dar teideal “Tremble, Tremble”, suiteáilte. 

Tógadh teideal an phíosa ón bhFeachtas Idirnáisúnta ar son Pá ar Obair Tí, ar chan mná “Tremate, tremate, le streghe sono tornate!” (Crithigí, crithigí, tá na cailleacha feasa ar ais arís!)