Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fógraíonn an tUachtarán Ó hUigínn cainteoirí don dara seimineár sa tsraith ‘Machnamh 100’

Dáta: Lua 15th Fea, 2021 | 18:11

D’fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn na cainteoirí don dara seimineár sa tsraith Machnamh 100 ag Áras an Uachtaráin, Déardaoin 25 Feabhra.

Sa seimineár dar teideal “Impireacht: Instinní, Leas, Cumhacht agus Frithbheartaíocht”, leanfar le sraith mhachnamhach an Uachtaráin, ‘Machnamh 100, ar chomhthéacs, iarmhairtí agus tionchair leanúnacha Chogadh na Saoirse, an Chogaidh Chathartha agus na Críochdheighilte.

Chun clárú don ócáid seo, líon isteach do ríomhphost anseo.

 

Sa seimineár, a mbeidh an craoltóir, údar agus staraí an Dr John Bowman ina chathaoirleach air, tabharfar chun cuimhne imeachtaí suntasacha in Éirinn céad bliain ó shin, i gcomhthéacs na n-athruithe a bhí ag tarlú laistigh d’Impireacht na Breataine.

Tabharfaidh an tOllamh an príomh-mhachnamh sa seimineár, agus freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an Dr Niamh Gallagher (Coláiste Naomh Caitríona, Cambridge), an tOllamh Eunan O’Halpin (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an tOllamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann), an Dr Marie Coleman (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) agus an tUachtarán Ó hUigínn.

  • Is staraí é an tOllamh John Horne. Tá sé ina Chomhalta Emeritus agus iar-Ollamh le Nua-Stair na hEorpa i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Horne ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ina Leas-Uachtarán ar an Lárionad Taighde ag an Historial de la Grande, Péronne sa Fhrainc. Ón mbliain 2013-2019, bhí sé ina bhall den Mission du Centenaire de la Grande Guerre, an coimisiún oifigiúil Francach do chomóradh céad bliain an Chogaidh Mhóir. Bhí sé ina Ollamh cuartaíochta Leverhulme sa bhliain 2016-2017 ag Ollscoil Oxford. Tá sé ina údar agus eagarthóir ar léir mhór leabhar agus ar níos mó ná céad caibidil agus alt, cuid mhaith dóibh ag trácht ar an gCogadh Mór. I measc na bhfoilseachán ábhartha tá: (eag.) A Companion to World War One (Oxford, Blackwell-Wiley, 2010); (eag..), Our War: Ireland and the Great War (Dublin, Royal Irish Academy, 2008; new ed., 2012); (eag., with Edward Madigan), Towards Commemoration: Ireland in War and Revolution, 1912-1923 (Dublin: Royal Irish Academy, 2013).
  • Is as Contae Ard Mhacha don Dr Niamh Gallagher, léachtóir le Stair Chomhaimseartha na Breataine agus na hÉireann in Ollscoil Cambridge agus Comhalta de chuid Coláiste Naomh Caitríona. Soláthraíonn a céad leabhar, Ireland and the Great War: A Social and Political History stair athbhreithnitheach d’Éireannaigh sa Chéad Chogadh Domhanda agus ba é an chéad saothar ar stair na hÉireann leis an Royal Historical Society’s 2020 Whitfield Prize a ghnóthú. Tá sí ina ball de Phainéal Comhairleach Stairiúil Neamhspleách, ceaptha ag Rialtas na Breataine le machnamh a dhéanamh ar cén chaoi le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain Thuaisceart Éireann. Le déanaí, glacadh le Gallagher ar phainéal staraithe uaisle Ambasáid na hÉireann i Londain, le labhairt faoin reachtaíocht taobh thiar den chríochdheighilt. Stiúrann sí freisin an Mether Initiative ag Coláiste Naomh Caitríona, taobh le hiar-Aire Pháirtí an Lucht Oibre agus piara, Des Browne. Tionscnamh is ea an Mether Initiative ar féidir le ceannairí an todhchaí, scoláirí agus lucht déanta polasaithe bailiú le chéile ann, agus le foghlaim ó stair na Breataine agus na hÉireann in iomláin a héagsúlachta.
  • Fuair an tOllamh Eunan O’Halpin MRIA a chuid oideachais in UCD agus Cambridge. Ba státseirbhíseach é sular thug sé faoi ghairm acadúil. Ó 1982 go 2000 theagasc sé in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ó 2000 go 2020 bhí sé ina Ollamh le Stair Chomhaimseartha na hÉireann Bank of Ireland i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I measc a chuid saothar tá: Head of the Civil Service: A Study of Sir Warren FisherDefending Ireland: the Irish State and its Enemies since 1922Kevin Barry: an Irish Rebel in Life and Death and (with Daithí Ó Corráin), The Dead of the Irish Revolution.
  • an tOllamh Alvin Jackson ina Ollamh Staire Richard Lodge ag Ollscoil Dhún Éideann. Cuireadh oiliúint air ag College Corpus Christi agus ag Nuffield College Oxford, agus bhí sé ag obair ina theagascóir ag an gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Boston agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sé ina údar ar seacht leabhar, ina measc Ireland 1798- 1998: War, Peace & Beyond (dara heagrán: 2010) agus Judging Redmond and Carson (2018), agus tá sé ina eagarthóir ar Oxford Handbook of Modern Irish History (2014). Tá Jackson ina chomhalta oinigh d’Acadamh Ríoga na hÉireann.
  • Léachtóir le Stair na Nua-Ghaeilge ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste is í an Dr Marie Coleman. Tá cuid mhór scríofa aici ar an tréimhse réabhlóideach, cás-staidéar dar teideal County Longford and the Irish revolution, 1910-1923 san áireamh. Tá spéis faoi leith aici i ról na mban agus cúrsaí inscne le linn na tréimhse, taithí an mhionlaigh Phrotastúnaigh i ndeisceart na tíre le linn dheich mbliana na réabhlóide, agus saolta na reibiliúnaithe ársa tar éis na coimhlinte, bronnadh na bpinsean agus na mbonn ina measc. Is comhairleoir í don Roinn Cosanta (Cartlann Mhíleata) Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata; agus do phainéal stairiúil comórtha céad bliain Oifig Thuaisceart Éireann; tá sí ina ball freisin de ghrúpa Eaglais na hÉireann ar chomóradh céad bliain d’imeachtaí stairiúla. 

Déanfaidh an tríú seimineár sa tsraith ‘Machnamh 100’, a reáchtálfar i mí Bealtaine na bliana seo, iniúchadh ar dhóchas, aicme agus gnéas i streachailt neamhspleáchais na hÉireann agus i scríobh na staire.

Tabharfaidh an Dr Margaret O’Callaghan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) príomh-mhachnamh an tseimineáir, agus freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an Dr Caitríona Clear (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), an tOllamh Linda Connolly (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad), an tUasal Catríona Crowe, cartlannaí, agus an Dr John Cunningham (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh).

Le tuilleadh eolais a fháil ar thogra an Uachtaráin, ‘Machnamh 100’, féach  https://president.ie/ga/nuacht/article/machnamh-100-president-of-irelands-centenary-reflections