Ról Idirnáisiúnta
Déanann an tUachtarán ionadaíocht do mhuintir uile na hÉireann, sa bhaile agus thar lear.
Bíonn an tUachtarán gníomhach i gcur chun cinn íomhá agus ról na hÉireann sa réimse idirnáisiúnta. Tugann sí Cuairteanna Stáit thar lear agus cuireann sé/sí fáilte roimh Cheanna Stáit eile ar a gcuairteanna ar Éirinn ag an áit chónaithe oifigiúil, Áras an Uachtaráin.
Cuairteanna Stáit agus Oifigiúla
Léiríonn cuairteanna Stáit, a tharlaíonn le cuireadh foirmiúil ó Cheann Stáit eile, nádúr an chaidrimh idir Éire agus an tír óstach agus soláthraíonn siad deis chun comhoibriú a fheabhsú idir an dá stát.
Cé go bhfuil ionadaíocht bhuan idirnáisiúnta ag Éirinn mar gheall ar an ngréasán ambasáidí thar lear, bíonn suntas nach beag fós ag baint le cruinnithe pearsanta idir Ceanna Stáit agus caidreamh déthaobhach idir dhá stát á neartú acu.
Nuair a thugann an tUachtarán Cuairt Stáit, bíonn sé/sí á t(h)ionlacan go minic ag ionadaithe rialtais chomh maith le hionadaithe pobail ghnó, acadúla agus chultúir na hÉireann.
Tugann Uachtarán na hÉireann cuireadh do Chinn StáitEachtracha teacht ar Cuairt Stáit. Cuirtear searmanas fáiltithe ar siúl dóibh in Áras an Uachtaráin; san áireamh bíonn seinnt amhrán náisiúnta an dá náisiún, léirbhreithniú ar an ngarda onóra, lánonóracha míleata lena n-áirítear cúirtéis 21 gunna agus tareitilt de chuid an Aerchóir. Cuirtear lón nó dinnéar stáit ar fáil chomh maith, in onóir an Chinn Stáit a bhíonn ar cuairt.
Iarrtar ar Chinn Stáit crann a chur i dtailte Áras an Uachtaráin. Cuireadh tús leis an nós deasghnách crann a chur i dtailte Áras an Uachtaráin i mí Mheán Fómhair 1853, tráth ar chuir an Bhanríon Victoria an chéad cheann de thrí chrann. Leanadh leis an traidisiún tar éis neamhspleáchas na hÉireann, agus ba é Dubhghlas de hÍde, Uachtarán na hÉireann, a chuir an chéad chrann sa bhliain 1939. Ón am sin i leith, chuir gach Uachtarán na hÉireann crainn dheasghnácha agus iarradh ar Chinn Stáit a bhí ar cuairt crainn a chur chomh maith.
Tugann an tUachtarán Cuairteanna Oifigiúla thar lear chomh maith, agus i gcásanna mar sin is lú an caidreamh foirmiúil a bhíonn aige/aici le húdaráis na tíre óstaí.
Is éard atá i gceist le Cuairt Oifigiúil cuairt a thugann oifigigh ardchéime (Airí, Cinn Rialtais nó Cinn Stáit), a n-iarrann an Rialtas óstach orthu teach ar cuairt. Le linn Cuairteanna Oifigiúla, cuirtear onóracha deasghnácha ar fáil más Ceann Rialtais nó Ceann Stáit atá san oifigeach a bhíonn ar cuairt, ach ní dhéantar amhlaidh d’oifigigh ar chéim chomh-aireachta. Maidir le Cuairteanna Oifigiúla, ní bhíonn aon fhreagracht ar an tír óstach lón ná dinnéar a chur ar fáil.
Ceapadh Ambasadóirí na hÉireann
Déanann Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann ionadaíocht d’Éirinn in go leor tíortha ar fud an domhain. Ar mholadh ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ainmníonn an Rialtas ambasadóirí go foirmiúil lena gceapadh ag an Uachtarán. Bíonn feidhm ag na ceapacháin sin ach an litir chreidiúnaithe maidir leis an ambasadóir ainmnithe a bheith sínithe ag an Uachtarán.
Ina dhiaidh sin cuireann Ambasadóir na hÉireann a c(h)uid dintiúr faoi bhráid Cheann Stáit an stáit ghlactha, rud a thugann cead don ambasadóir nuacheaptha tús a chur leis an obair sa tír sin.
Creidiúnú Ambasadóirí Eachtracha
Nuair is mian le tír eile ambasadóir nua a cheapadh chun na hÉireann, ní mór don Rialtas aontú leis an gceapachán sin. Tarlaíonn searmanas creidiúnaithe ina dhiaidh sin in Áras an Uachtaráin.
Cuirtear fáilte roimh an ambasadóir ainmnithe ar a theacht dó/di chuig Áras an Uachtaráin agus iarrtar air/uirthi leabhar na gcuairteoir a shíniú. Téann an tAmbasadaóir ainmnithe ar aghaidh go dtí an Seomra Fáiltithe Stáit, áit a gcuireann sé/sí litir chreidiúnaithe faoi bhráid Uachtarán na hÉireann.
Beannaíonn an tAmbasadóir nua agus an tUachtarán go foirmiúil dá chéile agus tugtar an deis dóibh aithne a chur ar a chéile agus teachtaireachtaí idir údaráis na stát a chur in iúl faoi seach.
Tar éis an chreidiúnúcháin, déanann an tUachtarán an tAmbasadóir nua a thionlacan go dtí príomhdhoras tosaigh Áras an Uachtaráin, áit a ndéanann sé/sí garda onóra míleata a iniúchadh. Imíonn an tAmbasadóir nua ansin ó Áras an Uachtaráin faoi choimhdeacht mhíleata.
