Nuacht

Tarraingíonn an tUachtarán Ó hUigínn aird ar dhaoine faoi mhíchumas

Foilsithe: Déa 15th Dei, 2020 | 11:25

Bhí cur chun cinn sochaí níos ionchuimsithe ina chuid lárnach d'Uachtaránacht agus de shaol polaitiúil Mhichíl D. Uí Uigínn, agus tá fós. Ar feadh a théarma in oifig, tá an cás curtha chun cinn ag an Uachtarán nach mbaineann comhionannas agus ionchuimsiú le deiseanna don duine aonair amháin, ach go mbaineann sé leis an tslí a n-athraímid ár spásanna agus ár n-institiúidí lena chinntiú go spreagann siad an t-ionchuimsiú agus an cumasú.

Tá tionscnamh an Uachtaráin ‘Rannpháirtíocht agus Claochlú’ dírithe go sonrach ar an tábhacht a bhaineann le dearcthaí diúltacha agus le hidirdhealú a shárú, agus aird á tarraingt ar thionscnaimh ionchuimsithe agus ar bheartais chun tacú le hionchuimsiú sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil ár saoránach go léir a chur chun cinn go gníomhach agus go fuinniúil.

 

Féach freisin:

 

Imeachtaí bainteacha: