Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas le haghaidh Lá Domhanda Braille

Dáta: Lua 4th Ean, 2021 | 10:40

I ráiteas chun Lá Domhanda Braille de chuid na Náisiún Aontaithe a chomóradh a eisíodh inniu, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

"Déantar Lá Domhanda Braille a cheiliúradh gach bliain, ar an 4 Eanáir, lá breithe Louis Braille, an duine a cheap an córas scríbhneoireachta ríthábhachtach do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu.

D'ísligh a aireagán an tairseach rochtana ar an oideachas i gcomhair na milliún duine dall, agus is ceart go dtugann na Náisiúin Aontaithe cuireadh do shaoránaigh ar fud an domhain an t-éacht sin a rinne an duine a cheiliúradh.

Ar lá mar an lá inniu - Lá Domhanda Braille na Náisiún Aontaithe - cuirimis i gcuimhne dá chéile an 36 milliún duine ar domhan a mhaireann leis an daille, agus an 216 milliún duine a bhfuil idir lagú measartha agus dianlagú radhairc orthu; comhshaoránaigh dhomhanda ar dócha go mbeidh an bhochtaineacht agus an míbhuntáiste ag cur isteach orthu de bharr a lagaithe.

Cé go gcuireann úsáid braille áilleacht na teanga ar fáil do na milliúin duine, is é is tábhachtaí go gcuireann sé ar a gcumas litearthacht iomlán éifeachtach a bhaint amach, an réamhriachtanas tábhachtach chun páirt a ghlacadh agus dá réir sin an tsaoirse bhunúsach a bhaint amach do gach duine."