Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Dréachtráiteas do Lá Idirnáisiunta na nDaoine Faoi Mhíchumas

Dáta: Dom 2nd Nol, 2018 | 10:21

Agus Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas á chomóradh aige, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn moladh inniu do ghníomhaithe ar son chearta na ndaoine faoi mhíchumas:

 

"Nuair a insealbhaíodh mé mar Uachtarán na hÉireann, dúirt mé, agus an mhandáid a fuair mé á cur i bhfeidhm agam go gcuirfinn romham an tsaoránacht chuimsithe a bhaint amach agus go gcuirfinn chun cinn na beartais agus na cleachtais a bheadh riachtanach lena chinntiú go mbeadh gach saoránach ábalta a bheith rannpháirteach agus go gcaithfí le meas le gach duine.

Ba cheart go mbeadh ár bPoblacht ina tír ina dtugtar an ceart is bunúsaí sin do gach saoránach: guth ina s(h)ochaí agus ina p(h)obal.

Ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas, iarrtar orainn go léir smaoineamh ar an iliomad bacainní ata fós ann; bacainní a chuireann teorainn leis an gceart ata ag daoine faoi mhíchumas a bheith go hiomlán rannpháirteach ar bhealach fiúntach sa tsochaí.

Agus é sin á dhéanamh againn, is foinse mhór spreagtha é go bhfuil athrú dearfach a bhfuil fáilte roimhe feicthe againn le roinnt blianta anuas i ndearcadh na sochaí i leith a gcomhshaoránach atá ag maireachtáil faoi mhíchumas.  

Is athrú ó bhonn atá ann nár tharla thar oíche. Maidir le roinnt mhaith daoine, bhí an t-athrú mall agus anróiteach, ach sa chás gur éirigh leis thar na blianta fada, tharla sin trí iarrachtaí leanúnacha na saoránach tiomanta a bhí dírithe ar athrú dearfach a bhaint amach. Inniu, ar an lá speisialta seo, mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom moladh a thabhairt do na hiarrachtaí gan staonadh a rinne gníomhaithe ar son na ndaoine faoi mhíchumas ar fud na tire.

Bainimis leas as a bhfuil bainte amach ag tacadóirí agus gníomhaithe roimhe seo chun sinn a spreagadh ar an mbóthar atá romhainn.

Geallann an Clár Um Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh. Má táimid, mar phobal, chun tairbhe a bhaint as scileanna agus tallanna ár saoránach go léir, caithfimid a chinntiú  go bhfuil na beartais agus na cleachtais in áit chun ár saoránaigh go léir a chumasú le páirt a ghlacadh sna próisis go léir a mhúnlaíonn ár dtodhchaí chomhroinnte.”

 

NÓTAÍ:

 

*   Le linn a chéad téarma in oifig, rinne an tUachtarán Ó hUigínn freastal ar, nó d’óstáil sé, líon mór imeachtaí a tharraing aird ar obair dhaoine agus eagras a bhíonn ag obair chun cearta na ndaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, ina measc:

o   Fáiltiú do rannpháirtithe san Fhorábhar maidir leis an Míchumas Intleachtúil, Samhain 2012

o   Aitheasc don Cheathrú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta maidir leis an Dlí agus Beartas um Míchumas, Meitheamh 2012: https://president.ie/en/media-library/speeches/remarks-at-the-fourth-international-summer-school-on-disability-law-and-pol

o   Aitheasc do bhaill Chumann Mígréine na hÉireann, Feabhra 2014: https://president.ie/en/diary/details/president-receives-members-of-the-irish-migraine-association-of-ireland/audio

o   Cuairt ar Ospidéal Fiostúil Hamlin, Addis Ababa, Samhain 2014.

o   Aitheasc ag seoladh Chathaoir UNESCO in IT Thrá Lí, Feabhra 2015: https://president.ie/en/diary/details/president-launches-the-unesco-chair/speeches

o   Fáiltiú d’Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta, Samhain 2015: https://president.ie/en/diary/details/president-hosts-reception-for-members-of-team-ireland-who-took-part-in-the/audio

o   Cuairt ar Ceanncheathrú  agus Ionad Traenála Náisiúnta na Madraí Treorach do na Daill, Meán Fómhair 2016:  https://president.ie/en/diary/details/president-visits-the-national-headquarters-and-training-centre-of-irish-gui

o   Cruinniú le ENRanna i gCathair Ho Chi Minh, Samhain 2016: https://president.ie/en/diary/details/president-visits-southern-womens-musuem  

o   Cóisir Gairdín chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gCúram agus an Dlúthpháirtíocht sa Phobal, Meitheamh 2017.

o   Fáiltiú do theaghlaigh ar Lá Domhanda Siondróm Down, Márta  2018: https://president.ie/en/diary/details/president-receives-families-on-the-occasion-of-world-down-syndrome-day

o   Óráid ag searmanas oscailte Chluichí Oilimpeacha Speisialta na hÉireann, Meitheamh 2018: https://president.ie/en/diary/details/president-gives-an-address-at-the-opening-ceremony-of-the-special-olympics/speeches


 

*   Sa bhliain 2016, tharla se gurbh é Áras an Uachtaráin an chéad fhoirgneamh faoi bhainistiú OOP a chuir saoráidí leithris ar leith ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas foghlama tromchúiseach nó faoi mhíchumas fisiceach amhail gortuithe dromlaigh, diostróife mhatánach agus scléaróis iolrach. Féach https://president.ie/en/media-library/news-releases/aras-an-uachtarain-unveils-new-standard-in-disability-access
 

*   Tá iarrtha ag an Uachtarán ar OOP turais léirmhínithe speisialta ar Áras an Uachtaráin i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a eagrú. Eagraíodh dhá thuras dá leithéid in 2018 agus beidh an chéad turas léirmhínithe eile dá leithéid ar siúl in Eanáir  2019.