President presents Gold Gaisce Award

Lua 2nd Meá, 2019 | 12:00
suíomh: (Cavan) Loughan House, Cavan

(Cavan) Loughan House, Cavan

Monday, 02nd September, 2019

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Oscailte Theach an Locháin i gContae an Chabháin chun Gradam Óir a bhronnadh ar dhuine de rannpháirtithe Gaisce.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis a bheith ag spreagadh Gaisce chun béim níos mó a leagan ar dhul i gcaidreamh le fir agus mná óga faoi mhíbhuntáiste, tríd an gclár “Dúshlán an Uachtaráin” a leathnú amach chun daoine atá in ionaid choinneála agus in ionaid soláthar díreach a chur san áireamh.

Tá an tUachtarán tar éis a ngradaim a bhronnadh ar rannpháirtithe Gaisce sa Phríosún Lár Tíre agus ar Champas Coinneála Páistí i mBaile an Oibricigh, agus i mí an Mheithimh i mbliana, thug sé cuireadh d’ionadaithe ó Sheirbhís Príosún na hÉireann agus Gaisce chuig Áras an Uachtaráin, chun an comhoibriú atá ag méadú idir an dá eagras a cheiliúradh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://president.ie/ga/diary/details/president-receives-representatives-from-the-irish-prison-service-and-gaisce-the-presidents-award agus https://president.ie/ga/diary/details/president-presents-gaisce-awards-to-five-people-in-oberstown.

“Mar Uachtarán na hÉireann, tá cuid mhaith cuairteanna tugtha agam ar phríosúin ar fud na tíre, agus táim fós á dhéanamh, mar a mbuailim le cimí agus le foirne araon, agus is ábhar pribhléide dom Gradaim Gaisce a bhronnadh go pearsanta ar phríosúnaigh a bhfuil na dúshláin a bhaineann le páirt a ghlacadh ar na leibhéil Cré-Umha, Airgead nó Ór sáraithe acu.”