Taispeántas le John Behan - “Migrations” - dealbh shaorsheasaimh agus saothair ar crochadh, á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Lua 3rd Fea, 2020 | 18:00
suíomh: (Gaillimh) Siopa Leabhar agus Dánlann Kennys

(Gaillimh) Siopa Leabhar agus Dánlann Kennys

Monday, 03rd February, 2020

Taispeántas le John Behan - “Migrations” - dealbh shaorsheasaimh agus saothair ar crochadh, á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Osclóidh an tUachtarán Ó hUigínn go hoifigiúil ‘Migrants’, taispeántas de shaothar nua an mhórdhealbhóra Éireannaigh John Behan.

Is é an t-imeacht sin an chéad imeacht ag Siopa Leabhar & Gailearaí Ealaíne Uí Chionnaith chun 80 bliain a bhunaithe a chomóradh.

Go deireanach an bhliain seo caite, nocht an tUachtarán Ó hUigínn dealbh leis an dealbhóir mór le rá, i láthair Bhuanionadaíocht na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe.

Tá dealbh chré-umha eile de chuid John Behan ina seasamh  go bródúil i ngairdíní cheanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac. Tugann an dealbh, dar teideal “Arrival”, onóir do na glúine a chuaigh ar imirce ar lorg saoil nua agus do na náisiúin a chuir fáilte rompu agus a thairg deiseanna nua dóibh.
 

 

Imeachtaí bainteacha: