An Cruinniú Cinn Bhliana ag Iontaobhas Cuimhneacháin an Bhriogáid Idirnáisiúnta á oscailt go…

Sat 15th Dei, 2016 | 15:00
suíomh: Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath
An Cruinniú Cinn Bhliana ag Iontaobhas Cuimhneacháin an Bhriogáid Idirnáisiúnta á oscailt go…

...hoifigiúil ag an Uachtarán.

 

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cruinniú cinn bhliana Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta (IBMT) i Halla na Saoirse, Dé Sathairn 15 Deireadh Fómhair.

Coimeádann an IBMT cuimhne agus spiorad an 2,500 óglach ón mBreatain agus Éirinn a throid in aghaidh an fhaisisteachais i gCogadh Cathartha na Spáinne buan. Chuaigh thart ar 275 fear agus bean Éireannach leis na Briogáidí Idirnáisiúnta agus na seirbhísí leighis bainteacha le linn an Chogaidh Chathartha, agus iarracht á déanamh acu stop a chur le trúpaí an Ghinearáil Franco a raibh sé mar aidhm acu deireadh a chur le rialtas tofa Phoblacht na Spáinne.

Is féidir téacs iomlán aitheasc an Uachtaráin a léamh trí chliceáil ar an nasc thíos.