Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan

hAo 6th Már, 2020 | 11:00
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráín

(Dublin) Áras an Uachtaráín

Friday, 06th March, 2020

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan

Is ócáid atá in Lá Idirnáisiúnta na mBan chun gníomhartha misniúla agus tiomantas gnáthbhan, a raibh páirt ghníomhach acu i stair a dtíortha agus a bpobal, a cheiliúradh.  

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn iarracht gach bliain an Lá a chomóradh chun aird a tharraingt ar a bhfuil bainte amach ag mná i gcúrsaí sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla agus chun cur leis an nglaoch chun gnímh le dul i ngleic leis an neamhionannas inscne agus leis an bhforéigean in aghaidh na mban:

Is é téama Lá Idirnáisiúnta na mBan 2020 "Is Glúin an Chomhionannais mé: Cearta na mBan á bhFíorú."

Agus an téama sin á léiriú acu, déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú a chur ar siúl do dhaoine agus d’eagrais a bhfuil obair agus dul chun cinn á ndéanamh acu chun sprioc a bhaint amach domhan níos córa agus níos cothroime a thógáil ina bhfíorófar cearta na mban go hiomlán.  Comórfaidh an t-imeacht Dearbhú agus Ardán chun Gnímh Bhéising 25 bliain ó shin, plean leathan straitéiseach chun cearta na mban a bhaint amach i dtíortha agus i réigiúin ar fud an domhain.