Bronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn na Gradaim um Fhiúntas in Óglaigh na hÉireann ag searmanas in Áras an Uachtaráin. Bronntar na gradaim ar bhaill Óglaigh na hÉireann, atá ar seirbhís nó ar scor, a léirigh an “meas, dílseacht, neamhleithleachas, crógacht fhisiciúil, misneach morálta agus macántacht” a mbítear ag súil leis ó bhaill Óglaigh na hÉireann.
Is é Uachtarán na hÉireann Ceannasaí Uachtarach Óglaigh na hÉireann. Dá bharr, is é an tUachtarán a dhéanann gach oifigeach na nÓglach a choimisiúnú, ach de réir choinníollacha an Achta um Chosaint 1954, is tríd an tAire Cosanta, a rialaíonn Óglaigh na hÉireann, a chuireann an Rialtas orduithe míleata i bhfeidhm.
Cliceáil ar an táb Óraid chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Imeachtaí ábhartha eile:
- Óstálann an tUachtarán na Gradaim um Fhiúntas in Óglaigh na hÉireann (2019)
- Cuairt an Uachtaráin ar Bhrú na bhFiann – Áras d’iar-chomhaltaí Óglaigh na hÉireann, atá gan dídean (2016)
- Cuairt an Uachtaráin ar Scoil na nDaltaí (2016)
- Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag comhaltaí na bhFórsaí Cosanta, d’fhonn aitheantas a thabhairt dá ról ag ócáid insealbhaithe an Uachtaráin (2018)
- An tUachtarán i láthair ag Ócáid Stáit d’fonn Comóradh Cinn 60 a dhéanamh ar imscaradh Fórsa… (2018)
- Tugann Cumainn Iarshaighdiúirí cuairt ar Áras an Uachtaráin (2019)