Catherine Connolly
Cuireadh tús le haistear Catherine Connolly go hÁras an Uachtaráin sa Seantalamh i nGaillimh, i dteaghlach a raibh trí pháiste dhéag eile ann. Turas is ea é seo atá múnlaithe ag a tiomantas saoil don tseirbhís phoiblí agus don phobal. Tá Catherine pósta le Brian agus tá beirt mhac fásta acu. Is Gaillimheach bródúil í Catherine, a bhfuil cónaí uirthi sa gCladach ó 1988 i leith.
Bhain Catherine Máistreacht amach sa tSíceolaíocht Chliniciúil ó Ollscoil Leeds i 1981, agus i 1989 ghnóthaigh sí céim sa Dlí ó Ollscoil na Gaillimhe agus ceapadh í ina hAbhchóide Dlí i 1991. Le linn a gairm bheatha, chaith Catherine seal ag oibriú sa gcúram agus san abhcóideacht araon —mar shíceolaí cliniciúil ag tosú di, agus níos déanaí ansin, ag cleachtadh a gairme mar abhcóide.
Cuireadh tús lena gairm pholaitiúil i 1999 nuair a toghadh í chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Cúig bliana ina dhiaidh sin, ceapadh í mar Mhéara na Gaillimhe, ról inar threoraigh sí a fód dúchais. In 2016, toghadh Catherine mar Theachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, ról ina raibh sí i gcónaí ag cur an chomhionannais, na freagrachta, agus na Gaeilge chun cinn.
Sa Dáil, ba ghuth láidir í ar son na hoidhreachta cultúrtha agus teanga, agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le linn an 32ú agus an 34ú Dáil. D’imir sí ról lárnach freisin ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí le linn an dá théarma sin.
I mí Iúil 2020, toghadh Catherine mar Leas-Cheann Comhairle, an chéad bhean riamh a bhí sa phost sin, tar éis di a bheith tofa ag a comhghleacaithe ó gach taobh den Teach. Bhí meas ag cách uirthi as a cothroime agus a neamhspleáchas sa ról sin.
Toghadh Catherine mar an deichiú hUachtarán ar Éirinn an 25 Deireadh Fómhair 2025.
