Sabina attends opening of Fíbín theater company venue

Wed 21st Aug, 2019 | 16:00
location: Fíbín Teo, Cartron, Co Galway

Fíbín Teo, Cartron, Co Galway

Wednesday, 21st August, 2019

Sabina Higgins speech at opening of Fíbín theater company venue

Fíbín Teo, Cartron, Co Galway, Wednesday 21st August 2019

A dhaoine uaisle, is cúis mhór áthais dom a bheith anseo libh ar an ócáid ceiliurach seo agus muid bailithe chun spás nua Fíbín a oscailt go hoifigiúil. Tá mé buíoch díobh as an cuireadh agus an fáilte fíorchaoin a chuir sibh romham. 

Is comhlacht drámaíochta cruthaitheach é Fíbín a dheanann sár- obair fuinniúil. Is é an sprioc atá ag Fíbín ná drámaíocht spreagúil, físiúil den chéad scoth a chur ar fáil do lucht féachana óga trí mheán na Gaeilge.

Ina dteannta tá siad ag iarradh go mbeadh stáitsiú ceannródaíoch á léiriú acu. Cuireann siad taispeántais suimiúil taibhseach i láthair, a chorraíonn lucht féachana le rudaí úrnua.

Baineann siad úsáid as puipéid, maisc, scáileanna, ceol, fuaim agus sraith de theicnící amhairc chun spás ar leith a chruthú.

Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt don dea-obair atá ar siúl ag Fíbín, is ceannródaithe iad idir cothú na Gaeilge agus nuálaíocht amharclannaíocha. Is comhlacht drámaíocht misniúil é, a chruthaíonn shaothair mealltach agus suimiúil don aos óg agus daoine fásta. Tá siad ag cothú lucht leanúna drámaíocht na Gaeilge atá leathanaigeanta. Is tríd an dea-obair seo a chinnteofar go mairfidh an Ghaeilge agus go mbeidh suim ag na glúnta atá le teacht sa drámaíocht. 

Bunaíodh Fíbín TEO i 2003, agus tá duaiseanna agus aitheantas náisiúnta bainte amach acu. Faigheann siad tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon, Ealaíon na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. 

Is comhlacht drámaíochta áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta Fíbin. Tá staidéar déanta ag cuid mhaith den na haisteoirí thar lear, agus tá drámaí Fíbín léirithe san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Mhaláiv, sa Bhreatain Beag, in Albain agus sa Bheilg. Téann siad ar camchuairt ar fud na tíre seo lena gcuid drámaí. Tá níos mó ná daichead seó léirithe ag Fíbín go dtí seo, agus iad feicthe ag níos mó ná céad míle páiste! Agus nach íontach an rud é go bhfuil an nuálaíocht agus an Ghaeilge comhcheangailte i léiriúcháin dírithe ar dhaoine óga. 

Tá muid bailithe le chéile anseo, idir óg agus aosta, chun ceiliúradh a dhéanamh ar oscailt oifigiúil an spás nua seo sa Tulach, agus chun léiriú úr a fheiceáil. Comhghairdeas! Is spás iontach é agus tá mé cinnte go mbainfidh Fíbín an-leas as an áit. Ba mhaith liom freisin comhghairdeas speisialta a dhéanamh le Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne nua Fíbín. Is scríbhneoir agus stiurthóir aitheanta é Philip. Tá sean aithne agam ar Philip on am a bhiamor ag staidear le cheile I gcúrsaí iarcheima in  Ollscoil na Gaillimhe agus tá fios agam ar an obair tábhachtach a rinne sé ar son cursaí drámaíochta I gCabháin agus I mBaile Atha Cliath. Agus táimid ag tnú leis an méid a dhéanfaidh sé le Fíbín. Is é Philip stiúrthóir agus scríbhneoir an mórléiriú anocht ‘Cath na Ceathrún Rua’, atá bunaithe ar fíor-eachtra a tharla i gConamara beagnac  céad agus daichead bliain ó shin nuair a chuir tionóntaithe stop le díshealbhú. Tá mé ag súil go mór leis.

Ba mhaith liom, mar fhocal scoir buíochas a chuir in iúil dóibh siúd a d’eagraigh an ócáid seo agus a bhfuil ag glacadh páirt sa seó anocht. 

Tugann sé an-sásamh dom oscailt oifigiúil an spás íontach nua seo a fhógairt.

Go raibh míle maith agaibh go léir.

Beannacht