Óráid ag ócáid chun cothrom 10 mbliana Ghaelscoil Chluainín a cheiliúradh
Cluainín, Co. Liatroma, 20 Aibreán 2018
A Dhaoine Uaisle,
A Mhúinteoirí,
A Thuismitheoirí,
Agus a pháistí ach go háirithe,
Ar an gcéad dul síos is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl daoibh ar fad as an fíorchaoin fáilte a d’fhear sibh romham inniu. Is mór a chúis áthas dom a bheith anseo in bhur measc chun páirt a ghlacadh i bhur gceiliúradh. Míle buíochas daoibh as an gcuireadh.
It is a great pleasure to be here today to mark the occasion of the 10th Anniversary of Gaelscoil Chluainín. May I thank the chairperson of the Board of Management and an tUsasal Proinnsíos Ó Duigneain for the kind invitation to attend today’s event and all of you for your warm welcome.
Tá moladh agus buíochas tuillte acu siúd ar fad a raibh ról acu ar an Choiste Bunaithe, agus iad siúd a ghlac páirt sa bhfeachtas leis an scoil álainn seo a chur ar bun. Bhí easpa deiseanna ann do pháistí agus dá dtuistí a raibh Gaeloideachas á lorg acu i dtuaisceart Liatroma agus tháinig an Coiste le chéile chun an easpa seo a leigheas. De bharr a gcuid oibre d’oscail Gaelscoil Chluainín a ndoirse sa bhliain 2007.
Tá fás agus forbairt déanta ag an scoil ó shin, agus inniu tá bunoideachas den chéad scoth á fháil ag 75 scoláire sa láthair ina bhfuilimd inniu. Léigh mé le déanaí go bhfuil ar a laghad 36 bunscoil lán-Ghaeilge sa stát nach bhfuil cóiríocht bhuan acu agus tá leath acu sin, 18 scoil, ag fanacht 20 bliain nó níos faide ar chóiríocht bhuan!
Ní haon ualach í an dátheachgachas ar pháiste ná ar dhuine fásta. Tá feicthe againn arís agus arís eile sa taighde a dhéanann lucht léinn ar fud na cruinne go n-éiríonn níos fearr leis na páistí scoile a bhfuil an dara agus an tríú teanga acu. B’fhéidir nach dtuigeann sibh é faoi láthair a pháistí, ach is íontach an bua atá á fháil agaibh anseo i bhur scoil beag féin.
Tabhairfidh sibh faoi deara é nuair a théann sibh ar aghaidh chuig an Meánscoil, áit a thabhairfidh sibh faoi na teangacha Eorpacha a fhoghlaim. Ní mór a mheabhrú go bhfuil ar chumas daoine, sa chuid is mó den domhain, comhrá a dhéanamh i dhá theanga, nó níos mó. Tá sibhse anois i measc an mhóraimh ar fud an domhain, seachas i measc an mhionlaigh, toisc go bhfuil sibh in ann níos mó na teanga amháin a labhairt. Is ábhar mórtais agus bróid daoibh an méid sin. Tá an deis agaibh taitneamh a bhaint as cultúr agus teanga na Gaeilge ina suíomh nadúrtha agus í a labhairt mar mhéan laethúil anseo sa scoil.
Ní hé sin an taon chúis le Gaeilge a fhoghlaim dár n’doigh. Idir seanfhocail agus logainmneacha, idir litríocht agus miotaseolaíocht, tugann an Ghaeilge léargas dúinn ar an tír seo agus mar a mhair a muintir leis na mílte bliain anuas.
Mar a dúirt an file Seamus Heaney:
“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”
Is léir dom gur áit sona, spreagúil í Gaelscoil Chluainín agus déantar gach iarracht cinntiú go mbaineann sibhse, a dhaltaí, sult agus taithneamh as na blianta a chaitheann sibh anseo.
Thugas faoi ndeara an liosta fada d’imeachtaí a bhíonn ar siúl agaimh sa scoil agus nach íontach an deis atá agaibh dul i dtaithí ar gnéithe difriúla an saol. Idir spórtanna éagsúla, glacaíocht, rince, drámaíocht, ealaíon agus ceol tá sibh ag foghlaim scileanna nua a cuireann le saibhreas bhur saolta mar dhaoine óga. Idir ríomhairí, ficheal, garradóireacht, bratacha glasa agus cócaireacht, tá sibh ag leagadh an bunchloch ar a thógfar bhur saolta amach anseo.
Our Irish Language is but one component, amongst many, that helps to distinguish and give us a unique sense of our Irish identity, which has been forged over many centuries. As we celebrate this year as ‘Bliain na Gaeilge 2018’ we need to encourage our citizens to view the Irish language not as a chore or the sole preserve of those who can speak it, but as a living language, rich in its tapestry, that has helped to shape our unique identity.
We need to encourage all of our people to view Irish in a positive way and to encourage those who are willing to use it even if they cannot speak it fluently. In this way we can help to protect and preserve an important part of our cultural and linguistic heritage for future generations.
I hope you all enjoy today’s celebration and I wish you all well in continuing your valuable work for many years ahead.
Tá an saol mór amach rómhaibh a pháistí. Bainigí sult as bhur leathanta i nGaelscoil Chluainín agus bainigí leas as na deiseanna atá ann daoibh. Ach ó am go chéile smaoinigí siar ar na daoine a bhunaigh an scoil seo; na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na daoine eile nach iad a bhí fad-radharcach agus tiomanta a ndóthainn chun an scoil seo, - Gaelscoil Chluainín - scoil den scoth - a chruthú, a fhorbairt agus a neartú thar an deich mbliain atá imithe, chun tús maith a thabhairt do dhaltaí na scoile. Agus mar a deir siad, tús maith, leath na hoibre.
Is iontach an obair atá ar siúl agaibh.
Go raibh maith agaibh go léir.