Chuir an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Grlić Radman, Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Cróite

Lua 31st Már, 2025 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Chuir an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Grlić Radman, Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Cróite

Thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Cróite, Gordan Grlić Radman, cuairt ar Bhaile Átha Cliath ó 30 Márta go 1 Aibreán le haghaidh lóin oibre leis an Tánaiste. Mar chuid den chuairt seo ar Éirinn, thug an Aire Grlić Radman cuairt chúirtéise ar an Uachtarán Ó hUigínn.

Deis a bhí sa chuairt seo ar Éirinn, cuairt ar iarr an tAire Grlić Radman í, chun cur leis an gcaidreamh déthaobhach, ag tógáil ar an gcuairt a rinne an Príomh-Aire Plenković i mí Mheán Fómhair 2023 agus ar theagmhálacha rialta idir Airí de chuid an dá thír. Tar éis dhúnmharú beirt shaoránaigh de chuid na Cróite in Éirinn le 15 mhí anuas, deis a bhí  sa chruinniú seo leis an Uachtarán Ó hUigínn freisin d'Éirinn tacaíocht a léiriú don Chróit, beart siombalach ag an tráth dúshlánach seo do phobal na Cróite.