Óráid ag Oscailt Oifigiúil Leabharlann an Dr Risteard de Hindeberg
Coláiste na Rinne, An Luan, 11 Bealtaine 2015
A Dhaoine Uaisle,
Is cúis mhór áthais agus onóra dom a bheith in bhur dteannta anseo inniu i gColáiste na Rinne ag an ócáid cheiliúrtha seo chun Leabharlann an Dr. Risteard de Hindeberg a oscailt go hoifigiúil. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Bhord Stiúrtha an Choláiste as an gcuireadh a fuair mé chuig an ócáid cheiliúrtha seo. Tá mé an-bhuíoch díbhse go léir freisin as an fíorchaoin fáilte a d’fhear sibh romham.
Tá an tír seo faoi chomaoin mhóir ag an bpobal beag Gaeltachta seo. Cheapfadh duine gur mhíorúilt í gur mhair an Ghaeilge agus oidhreacht chultúrtha na nGael anseo nuair a bhrú cúinsí sóisialta agus eacnamaíochta sa naoú haois déag (19ú) agus sa bhfichiú (20ú) haois an teanga go himeallbhord thiar na tíre; cúinsí a bhfuil an Ghaeltacht fós in achrann leo sa lá atá inniu ann, faraor.
Ach d’éirigh le ceannairí áitiúla pobail, saothraithe cultúir agus físithe náisiúnacha tabhairt ar mhuintir na Rinne agus an tSeanphobail fanacht dílis dá ndúchas sinseartha. D’fhág na saothraithe cultúir céanna, (ar dhuine díobh, ar ndóigh, an Dr. Risteard de Hindeberg), d’fhág siad cuid mhór de shaíocht fhileata, cheolmhar na hÉireann i dtaisce agus i gcoimeád mhuintir na dúchaí bige seo.
Ba shin é an traidisiún béil agus traidisiún na bhfilí léannta araon a bhí á shaothrú i ngleanntaibh agus i bhfothairibh sléibhe na Mumhan nuair a bhí an Ghaeilge fós i mbarr a nirt.
Ghlac muintir na háite seo leis an dúshláin le fonn agus coinníodh an oidhreacht sin beo ina mbéala agus ina gcuimhne. Thugadar faoin oidhreacht sin a athghiniúint san aos óg, glúin i ndiaidh glúine, ní mar iarsma amháin ach mar oidhreacht chruthaitheach, láidir, anuas go dtí ár linn féin. Nach ábhar bróid, mar shampla, iad fonnadóirí na Gaeltachta seo, atá chomh maith nó níos fear le fonnadóirí Gaeltacht nó Iar-Ghaeltacht ar bith eile sa tír maidir le feabhas a n-ealaíne nó luach oidhreachta agus fileata na n-amhrán atá ar a dtoil acu.
An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a d'fhág an Dr Risteard de Hindeberg ag Coláiste na Rinne is iad is bunús don Leabharlann atá sa Choláiste inniu. Duine de bhunaitheoirí an choláiste ba ea an Dr de Hindeberg, a bhí ina ollamh le Ceiltis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Scoláire mór, ealaíontóir, ceoltóir agus ceardaí cruthanta (mar a thuigim) ab ea an Dr. Risteard de Hindeberg a rugadh i bPort Cládhach i 1863, agus a d'fhág an saol seo ina fhear óg, caoga dó (52) bliain d'aois, ar Lá Fheile Pádraig 1916.
Chaith sé tréimhse ghearr mar shagart i Sasana, seal ina Ollamh le Léann Ceilteach in Ollscoil Washington, agus bhí sé ina Ollamh Ceiltis in Ollscoil Chorcaí ó 1909 go dtí a bhás. Ar ndóigh, bhí sé ina Ollamh in Iolscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach ó thosach agus ina chomhbhunathóir ar an ionad léinn freisin.
Fear ildánach a bhí ann a raibh tuairimí láidre aige faoi aththógáil na litríochta ag an am. Tá an chuma ar an scéal go raibh mí-thuiscint ar dhaoine áirithe ina thaobh. Cháin Pádraig Mac Piarais é sa Chlaidheamh Soluis i Mí na Samhna 1908.
Literature must be based on living speech. Dr. Henebry would divorce it from the spoken language altogether
Ach ní dúirt de Hindeberg aon ní dá short. Bhí de Hindeberg cáinteach chomh maith maidir le cuid mhaith de phrós agus d'fhilíocht na hathbheochana ina alt 'A Plea for Prose' a scríobh sé in Irisleabhar na Gaedhilge i mí an Mheitheamh 1892, agus cé dearfach anois nach raibh an ceart aige. Tá léargas an-mhaith againn ar a aigne, agus ar a theoiricí maidir leis an litríocht dhúchais agus traidisiún na Gaeilge, in alt dar teideal 'Irish Tradition', a foilsíodh sa Journal of the Ivernian Society i mí Aibreán 1910.[1]
Is léir go raibh dúthracht ar leith don cheol Gaelach ag an Dr. Risteard de Hindeberg. Is ón a mháthair, Aibhlín Ní Chaisín a chuala sé don chéad uair na foinn mhalla is na máirseálacha, agus tá fiche ceann dá chuid amhráin i gcló sa leabhar mór “A handbook of Irish music”, a foilsíodh i gCorcaigh i 1928. Bhailigh sé amhráin eile ó dhaoine a bhíodh ag obair dá athair, Piaras de Hindeberg, agus ba nós leis, ar lá an aonaigh, cluas a chur air féin, féachaint an bhfaigheadh sé ceol ó phíobairí agus fidléirí siúil.[2]
Leabharlann taighde is ea Leabharlann Choláiste na Rinne le thart ar 6,000 leabhar clóbhuailte ann agus 20 lámhscríbhinní Gaeilge chomh maith le 1,000 grianghraf. Fáiltítear roimh léitheoirí agus lucht taighde anseo. Is minic a bhronntar ábhar nua ar an Leabharlann ag cairde éagsúla agus ag iar-scoláirí an Choláiste. Timpeall 200 leabhar atá i gcnuasach de Hindeberg féin. Ar na seoda atá ann tá na macasamhla a foilsíodh san aois seo caite de Leabhar na hUidhre (1870), An Leabhar Breac (1872-6), Leabhar Laighean (1880), agus Leabhar Bhaile an Mhóta (1887). Tá roinnt irisí sa chnuasach agus beagán cóipleabhar chomh maith. Formhór na gcóipleabhar, is nótaí sa nGearmánais atá iontu a thóg Risteard le linn dó a bheith ag freastal leachtaí i 'Freiburg' agus i 'Greifswald' sna blianta 1896-98. Is iad na lámhscríbhinní a bhronn sé ar an gColáiste, áfach, lámhscríbhinní ón naoiú haois déag, cheithre leabhar ar fad acu, an chuid is luachmhaire dá oidhreacht.[3]
In 1997 bhronnadh Cartlann Fuaime de Hindeberg ar an gColáiste, .i. cnuasach téipeanna de chainteoirí Déiseacha a rinne an Dr Piaras de Hindeberg, SJ († 1982), sa tréimhse 1960-1980. Mac dearthair do Risteard ba ea Piaras ar ndóigh. Tá breis is sé chéad (600) uair an chloig cainte sa Chartlann seo, rud a fhágann gurb í an Chartlann is mó de Ghaelainn na nDéise ar domhan í.
Baineann luach ollmhór leis an gcnuasach seo, ó thaobh na scéalta atá ann, na hamhráin, stair na háite agus stair na tíre, cultúr agus saíocht an cheantair, nósanna a bhíodh ann, foclaíocht agus ar ndóigh foghraíocht na nDéise.[4]
Rinneadh an Cartlann Fuaime a dhigitiú le cabhair airgid ó chairde éagsúla an Choláiste agus ó Údarás na Gaeltachta agus rinne mac léinn iarchéime[5] in Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an Chartlann Fuaime a chlárú, agus bhain sé céim dochtúireachta amach de thoradh na hoibre sin sa bhliain 2012. Tá dlúthdhiosca de chuid den chaint atá sa Chartlann eisithe ag an gColáiste chomh maith.
Léiríonn obair na Leabharlainne an tslí inar féidir le hinstitiúid léinn sean-bhunaithe leanúint uirthi ag misniú agus ag cabhrú le pobal na Gaeilge sa nua-aois: spreagann an saibhreas atá inti scoláirí óga chun meas a bheith acu ar an oidhreacht teangan atá tite chuchu, agus meallann sé iad chun tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh ar Ghaelainn na nDéise – ar an teanga, ar an litríocht, ar cheol agus ar chultúr na nDéise i gcoitinne.
Ba mhaith liom anois cúpla pointe ginearálta a dhéanamh faoin tábhacht atá leis an oidhreachta Gaelach atá sa cheantar seo a chaomhnú agus a neartú. Creidim gurb í an Ghaeilge an bhunús lárnach dár n-oidhreacht agus aithním chomh maith an dúshlán a bhaineann lena caomhnú, go háirithe sa timpeallacht domhanda nua-aimseartha ina mairimid. Tá mé cinnte go n-aontaíonn gach duine anseo liom gur fiú dúinn ar fad ár ndícheall a dhéanamh chun go mairfidh sí mar theanga bheo le tabhairt ar aghaidh do na glúine romhainn.
Is cúis áthais agus dóchais é saibhreas na teanga a chloisteáil timpeall orainn i gceantar mar na Déise, i gcaint na ndaoine, i stair agus i mbéaloideas na háite agus sna logainmneacha áitiúla. Is siombail é an teanga bheo seo d'oidhreacht na gcéadta bliain dár sinsir, a chaomhnaigh agus a thug an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin.
Ní mór dúinn freisin tabhairt faoin feallaois go bhfuil an Ghaeilge ina bacainn ar shealbhú aon teanga eile. I mo thaithí féin, cuidíon an dátheangachas le maistreacht a bhaint amach ar an triú agus an ceathrú teanga.
Tá athrú mór ar mheon daoine i leith na Gaeilge le feiceáil i sonraí an daonáirimh a rinneadh le déanaí: níl aon stiogma, ceangailte le bochtanas agus eisimirce, á iompar ag an nGaeilge níos mó; tá sí ina siombal féiniúlachta tábhachtach d’Éireannaigh anois.
Tá an Ghaeilge fíor-luachmhar dúinne, ní amháin toisc gurb í teanga ár n-oidhreacht agus ár stair í, ach ina theannta sin, gurb inti atá ceann den iomad slite éagsúla le maireachtáil sa saol seo, le léargas a bheith againn ar an saol sin, agus leis an saol sin a chur i bhfocail. Is teanga í a chuimsíonn an tslí leithleach ina ndearna na daoine a mhair ar an oileán seo romhainne dáimh lena chéile, leis an tírdhreach nó leis an saol eile.
Cén fáth nár éirigh linn úsáid ár dteanga a mhéadú? Cén ábharachas atá tar éis srian a chur orainn? An mbeadh oiliúint ár múinteoirí Ghaeilge níos saibhre dá mba rud é go raibh na coláistí treanála i gceartlár ceantracha Gaeltachta? Seo h-iad na ceisteanna a thagann chugam agus mé ag labhairt libh sa Ghaeltacht.
Seo leanas línte inar cheap Séamus Heaney go cumhachtach tábhacht seo na Gaeilge mar chuid riachtanach den éagsúlacht dhaonna. Is i mBéarla a labhair Séamus:
“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential part in their realisation.”[6]
Impím orainn uile iarracht faoi leith a dhéanamh an Ghaeilge a fhóghlam, an méid atá againn a úsáid, an teanga a staidéir agus a h-úsáid a leathnú. Impím go háirithe orthu siúd sa saol poiblí iarracht a dhéanamh, agus muid ag tabhairt faoin gcomóradh céad bliain de na heachtraí a chur ar bhóthar na neamhspleachais muid. Dár ndóidh bheithfeá ag súil go dtaispeánfadh iad siúd sna hoifigigh is áirde sa Stáit dea shampla i leith úsáid an teanga, ach ní mar sin a tharlaíonn i gcónaí.
Anois agus an méid sin ráite agam ba mhaith liom an oscailt oifigiúil a dhéanamh ar Leabharlann an Dr. Risteard de Hindeberg anseo inniu i gColáiste na Rinne. Cinnteoidh an digitiú agus an catalógú atá curtha i gcrích sa leabharlann go dtiocfaidh fás agus forbairt ar imeachtaí taighde sa Leabharlann amach anseo. Taca eile don Ghaelainn, agus do léann na Gaelainne sna Déise, is ea an obair atá curtha i gcrích sa Leabharlann.
Mar fhocal scor, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an gCoiste go háirithe Liam Suipéal bainisteoir Coláiste na Rinne a thug cuireadh dom bheith libh inniu. Guím gach rath oraibh agus tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an chuid eile den lá. Níl le déanamh agam anois ach an leabharlann a oscailt go hoifigiúil.
Go raibh míle maith agaibh.
[1] An Linn Bhuí 11 (2007) 67
[2] An Linn Bhuí 16 (2012) 186
[3] Comóradh Céad bliain Coláiste na Rinne (2005)
[4] An Linn Bhuí 12 (2008)
[5] Mícheál Ó Drisleáin
[6] www.president.ie