Óráid ag Cóisir sa Ghairdín ag comóradh 80 Bliain ó insealbhíodh Dubhghlas de hÍde
Áras an Uachtaráin, 25 Meitheamh 2018
A Dhaoine Uaisle,
A Ardmhéara
A chairde Gael,
Ar an gcéad dul síos is mian liom fíorchaoin fáilte a fhearadh romhaibh ar fad go hÁras an Uachtaráin inniu. Tá áthas orm féin agus ar mo bhean céile Saidhbhín go raibh sibh in ann a bheith linn leis an lá speisialta seo a chomóradh.
Lá speisialta é an lá inniu mar go bhfuil muid ag comóradh 80 bliain ó insealbhaíodh céad-Uachtarán na hÉireann, An Dr. Dubhghlas de hÍde.
Chomh maith leis sin, agus ag tarraingt as cúlra ár gcéad Uachtaráin agus na hiarrachtaí a rinne seisean chun ár dteanga a chaomhnú agus a neartú, táimid inniu chun an Ghaeilge féin a cheiliúradh agus tá an cóisir seo ar cheann de na hiarrachtaí faoi leith atá á ndéanamh againn an bhliain seo – Bliain na Gaeilge 2018, chun labhairt na teanga a leathnú.
Is mór an sásamh a thugann sé dom an oiread seo daoine a fheiceáil, tagtha le chéile, mar atá sibh, chun ár dteanga, ár stair agus ár n-oidhreacht chultúrtha a cheiliúradh. Agus tá sibh tagtha ó cheann ceann na tíre agus nach bhfuil sibh ag breathnú galánta!
Sa chomhluadar inniu againn tá scoláirí, aistritheoirí, riarthóirí, léiritheoirí, iriseoirí, Ambasadóirí Bhliain na Gaeilge, státseirbhísigh, agus ceoltóirí, scríbhneoirí, múinteoirí, ealaíontóirí, foilsitheoirí agus eile. Tá daoine linn atá ag obair san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach agus sa státchóras. Tá fíorchaoin fáilte romhaibh atá tagtha ón nGaeltacht agus sibhse atá ag cur na Gaeilge chun cinn sa Ghalltacht.
Gabhaim buíochas libh uile as ucht an méid atá á dhéanamh agaibh don teanga agus impím oraibh leanúint libh in bhur n-iarrachtaí éagsúla chun fís an Chraoibhín Aoibhinn a choimeád slán agus ár n-aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin atá romhainn i gcónaí maidir leis an teanga.
Agus mé ag gabháil buíochais, ba mhaith liom roinnt daoine a lua maidir le heagrú an lae inniu. Maidir le cúrsaí siamsaíochta tá clár iontach againn inniu, roinnt de cloiste agaibh níos luaithe, roinnt eile le teacht. Bhí Mary Kelly ar an gcruit, amuigh sa ghairdín bhí Colm Ó hArgáin, Ruairí Ó hArgáin agus Kate Heneghan; an sárphíobaire Conall Duffy; Caitríona agus Rebecca Atkinson ar an cello agus viola; Banna Píbe na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna; agus san Ollphuball Denis Scully Duo; Seo Linn agus The Mooneys.
Dár ndóigh is bliain fhiúntach í seo chomh maith d’aíonna faoi leith atá linn inniu. Tá sé tríocha bliain anois ó thosaigh Altan ag seinm le chéile agus is onóir dom féin agus do Shaidhbhín go raibh siad sásta teacht chun seinm dúinn uile inniu. Mo bhuíochas dóibh agus guím gach rath orthu don bhliain cheiliúrtha seo agus don tríocha bliain atá le teacht.
Tá buíochas faoi leith ag dul do na Gardaí, don Arm agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí as ucht na hoibre ar fad atá déanta acu chun an ócáid seo a eagrú. Ár mbuíochas chomh maith leis na daoine óga ó Ghaisce a bhí ag cuidiú linn inniu.
Táim buíoch, chomh maith de Chonradh na Gaeilge as ucht iasacht a thaispeántais, atá feicthe agaibh sa teach, as na foilseacháin áille ón siopa leabhair a cuireadh os ár gcomhair agus as ucht cabhair eile a thug siad maidir le himeachtaí an lae.
Gabhaim buíochas faoi leith do Dhoireann Ní Bhriain a bhí sásta feidhmiú mar Bhean an Tí, agus mar a bhíomar ag súil leis, tá sí ag déanamh sár-jab de.
A special thank you to our John of God's volunteers for all their help with the commemorative programmes. Also thank you to our civil defence colleagues for providing first aid services.
Gabhaim buíochas chomh maith le foireann an Árais, a bhíonn ag obair leo go dian chun a chinntiú go mbíonn na hócáidí seo taitneamhach do chách.
Tá ár bhfoireann féin san Áras tar éis tabhairt faoi ranganna Gaeilge le cúpla mí anuas chun a bheith réidh don lá inniu. Molaim iad agus táim buíoch as an obair ar fad atá déanta acu, idir an bia ar fad a réiteach agus a bheith anseo chun fáilte a chur romhaibh.
Inniu táimid ag déanamh rud éigin ar beagáinín difriúil. De gnáth tar éis mo chúpla focal tosaíonn an ceol ach, toisc an lá atá ann agus muid ag ceiliúradh 80 bliain den Uachtaránacht, d’iarr mé ar Brian Murphy, údar leabhair iontaigh The Forgotten Patriot – Douglas Hyde and the Foundation of the Irish Presidency, cur i láthair gairid a dhéanamh dúinn maidir le bunú na hUachtaránachta in 1938 agus Dubhghlas de hÍde ina Uachtarán. Táim ag tnúth go mór leis agus táim thar a bheith buíoch do Bhrian. Tá an leabhar aige bunaithe ar thaighde chuimsitheach agus ta sé so-léite. Beidh Brian ag labhairt i mo dhiaidh.
Ba mhaith liom féin labhairt faoi Dhubhghlas de hÍde sular thosaigh sé san Áras, faoin bhfear a bhí ann agus faoin méid ar bhain sé amach dúinn. Is mór an chúis phribhléide dom gurbh é Dubhghlas de hÍde mo chéad réamhtheachtaí mar Uachtarán na hÉireann. Is laoch a bhí ann don teanga agus dár dtír.
Bhíos i gcónaí den tuairim láidir go mbaineann ár dteanga le stór cuimhne náisiúnta a cheanglaíonn muid leo siúd atá imithe romhainn chomh maith le bheith ina freagra beoga agus ina hacmhainn uathúil chun féidearthacht agus aitheantas amach anseo a shamhlú.
Tá sé oiriúnach inniu go gcuimhneoimis agus go ndéanfaimis machnamh ar ghnéithe áirithe atá curtha i gcrích ag Dubhghlas de hÍde dár dtír: rugadh é sa Chaisleán Riabhach, Ros Comáin, agus tógadh é ina luath-óige i Sligeach álainn Yeats agus níos déanaí ina óige i Ros Comáin. Ba ansin a chuir sé an dúil sa Ghaeilge. Ar thosú dó i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne sé staidéar ar an bhFraincis, an Laidin, an Ghearmáinis, an Ghréigis agus an Eabhrais.
Measaim gurbh í éagoitinne faoi leith de hÍde is mó a spreagann mé – léiríonn a chuid fiosrachta intleachtúla paiseanta, a chabhraigh leis foirfeacht a bhaint amach in níos mó ná sé theanga, cuid de seo. Is díol spreagtha é chomh maith an grá mór a bhí aige d’fhocail agus don scríbhneoireacht.
Laistigh den teach thall, ar taispeáint tá na cúig bhonn a bhuaigh sé agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Bhronn bean uasal Margery Godhino orainn iad in 2016 ionas go mbeadh siad le feiceáil ag an bpobal agus iad ag tabhairt cuairte ar Áras an Uachtaráin. Ina measc, tá
George Plunkett Medal for Irish Writing (1880)
Gold Medal for Modern Literature (1884)
Gold Medal for History (1886)
Silver Medal for Oratory (1886/87)
Gold Medal for Composition (1886/87)
De bharr an ghrá mhóir a bhí aige don Ghaeilge agus ag leithéidí eile ar nós Eoin Mhic Néill, bhunaigh sé Conradh na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 1893 go dtí 1915.
Thuig sé go maith an baol a bhí ann don teanga. Faoi dheireadh an naoú haois déag bhí an Ghaeilge in anchaoi. Bhí labhairt na Gaeilge tar éis a bheith ag titim ón seachtú haois déag ach bhí sé forleathan fós sna 1830idí, le 4 mhilliúin cainteoir Gaeilge agus iad i ngach contae agus i ngach cathair agus baile mór sa tír.
Is amhlaidh a bhí an Ghaeilge á labhairt ar bhonn laethúil ag thart ar ceathracha fán gcéad [40%] de na daoine sna blianta luatha den ochtú céad déag. Faoin mbliain ocht déag seasca a haon [1861], bhí líon na gcainteoirí Gaeilge tite go fiche a ceathair fán gcéad [24%]. Trína chuid saothair i gConradh na Gaeilge, bhí de hÍde ag iarraidh an titim seo a aisiompú agus, ar bhonn níos leithne, theastaigh uaidh cultúr Gaelach na hÉireann a chaomhnú, a traidisiúin shainiúla ceoil agus rince san áireamh.
Thuig se chomh maith an gaol a bhí idir an státchóras agus sláinte na teanga. Nuair a bhí an cheist á cíoradh ag an gCoimisiún um Mheán- Oideachais maidir leis an nGaeilge a chur ar an gcuraclam, ba é de hÍde a rinne sáriarracht agus a bhuaigh an lá, ag bailiú tacaíochta ó roinnt de phríomhscoláirí Ceilteacha na hEorpa, leithéidí Rudolf Thurnesen agus Ernst Windisch sa Ghearmáin agus Georges Dottin sa Fhrainc.
Cé go raibh sé ag snámh in aghaidh easa ar feadh cuid mhaith dá shaothar, bhí fís aige tógtha ó na glúnta a bhí imithe ach dírithe ar na glúnta a bhí le teacht. Sheas sé an fód agus thuill sé dea-mheas na ndaoine sa bhaile agus i gcéin. Níor chuir sé iontas ar éinne, nuair a tháinig an t-am chun duine a roghnú mar chéad Uachtarán na hÉireann, go raibh a ainm ar bharr an liosta.
Ar bhás dó in 1949, tá a chuimhne buanaithe i saothar iontach de chuid Austin Clarke - Burial of an Irish President, a chuireann rialacha i gcuimhne dúinn, ní chomh fada sin ó shin, a rinne deimhin de nach rachadh mórán ball den Rialtas trasna an líne isteach go dtí Ard-Eaglais Phádraig chun a bheith páirteach sa bhrón náisiúnta i ndiaidh a bháis.
At the last bench
Two Catholics, the French
Ambassador and I, knelt down.
The vergers waited. Outside.
The hush of Dublin town,
Professors of cap and gown,
Costello, his Cabinet,
In government cars, hiding
Around the corner ready
Tall hat in hand, dreading
Our Father in English, better
Not hear that ‘which’ for ‘who’
And risk eternal doom.
Tá sé suimiúil dúinn tabhairt faoi ndeara gur fir agus mná óige don mhórchuid a bhí lárnach sa ghlúin réabhlóideach sin a thug fúthu cultúr agus tír a shábháil, a athchumadh nó a chruthú. Bhreathnaigh siad siar ar a raibh imithe rompu, rinne siad dianmhachnamh agus plé bríomhar ar an stair sin agus leag siad a mbealach féin amach rompu.
Thóg siad na gnéithe ba shaibhre agus ba luachmhaire den stair agus den chultúr sin, agus rinne siad acmhainn astu ar mhaithe le todhchaí nua a shamhlú agus a chruthú. Cé gur ábhar díospóireachta i gcónaí é cé chomh maith is a d'éirigh leo sna hiarrachtaí sin, ní fhéadfadh aon duine a gcuid dúthrachta agus díograise a cheistiú. Iad ag imeacht ar fud faid na tíre ag eagrú ranganna Gaeilge.
Bhí físeanna difriúla acu agus chreid siad iontu. Sin an dúshlán atá romhainn ar fad anois. Cén fhís atá againne? Cé chomh láidir is a chreideann muid inti? An bhfuil muid dáiríre faoin nGaeilge agus faoi cad is gá chun í a choimeád slán? I mbliain atá fógraithe mar bhliain na Gaeilge caithfimid iarracht speisialta a dhéanamh. Agus nach iontach an seans atá againn le 40% dár ndaonra faoi bhun 30 bliain d’aois?
Creidim go fírinneach gur geall le croílár na nuálaíochta í an Ghaeilge. Sa chomhthéacs seo ar fad, is ábhar dóchais agus misnigh é go mbeadh an Ghaeilge agus lucht a labhartha ag plé agus ag caint le pobail na n-inimirceach atá tagtha chun na tíre seo le blianta beaga anuas.
Tuigeann siadsan go smior céard is ilteangachas agus ilchultúrachas ann. Aithníonn siad ina gcroí istigh a luachmhaire is atá sé do chultúr agus do theanga féin a chaomhnú don chéad ghlúin eile. Anois agus iad ina gcónaí sa tír seo, is linne agus is leosan chomh maith teanga agus cultúr na Gaeilge.
A bhuíochas le hobair cheannródaíoch de hÍde agus a chomhghleacaithe, tá seoid luachmhar na Gaeilge fós inár seilbh. Ach fós féin, níl amhras ar bith ach go bhfuil sí ag lonrú as an nua ar bhealaí nach bhféadfadh de hÍde ná a ghlúin a shamhlú riamh.
Tá an teanga féin á teagasc ó Mheiriceá go dtí an tSín. Tá uirlisí nua agus modhanna foghlama nua ar fáil dúinn inniu agus tá pobal na Gaeilge láidir ar an idirlíon.
Ní hamháin go bhfuil an stór eolais sin a chruthaigh ár sinsir thar na céadta bliain caomhnaithe anois ar bhealach inmharthana, ach beidh muid in ann an stór eolais sin a chothú agus cur leis go leanúnach as seo amach.
An chúis is mó ar cheart dúinn a bheith dóchasach ná gur féidir lenár dteanga dhúchais a bheith ina huirlis chumhachtach i réimse na teicneolaíochta ar leibhéal idirnáisiúnta. Is é sin le rá, níor ghá agus níor cheart dúinn aon leithscéal a dhéanamh faoi áis ar bith a chruthaítear don Ghaeilge ná trí mheán na Gaeilge. Ó bunaíodh TG4 i leith tá díograis nua ag bailiú nirt i measc lucht na Gaeilge i dtaobh tionscadal dá leithéidí.
Tá deiseanna nua ag teacht chun cinn gach lá maidir le léirthuiscint ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht a chuireann le cumas na Gaeilge agus a bhaineann feidhm aisti sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht.
Léiríonn na féidearthachtaí digiteacha atá ann don Ghaeilge an chaoi ar féidir linn ar fad mar lucht úsáidte na Gaeilge an teanga sin a chur i lár an aonaigh ar bhealach atá fíor nó "authentic". Ní sop in áit na scuaibe atá anseo do theanga eile, ach tá sé mar fhóram nua-aimseartha inar féidir le daoine de gach aois dul i mbun fíor-chumarsáide trí mheán na Gaeilge.
Ná cuirimis dallamullóg orainn féin anseo. Tá neart dúshlán romhainn mar phobal labhartha na Gaeilge. Ach tá neart deiseanna ann chomh maith. Má táimid uile dáiríre faoin nGaeilge, beidh muid in ann na deiseanna sin a thapú ar mhaithe leis na dúshláin a shárú, ach leas ceart a bhaint as na scileanna atá againne sa nuálaíocht, sa chruthaitheacht agus sa tsamhlaíocht, ach thar aon ní eile as an gcreideamh mothúchánach agus spioradálta sa teanga mar ghné thábhachtach dúinn féin agus dár muintir romhainn agus san am i láthair.
Tá muid bailithe le chéile chun fís an Chraoibhín Aoibhinn agus a chomhghleacaithe a cheiliúradh, agus chun ardú meanma agus spreagadh a thabhairt don obair a bheidh ar siúl againn sna blianta atá amach romhainn. Tá muid réidh anois leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fhís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chraobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Ní gá dom a rá ach go bhfuil gach éinne sa phobal seo ag tabhairt faoin obair seo cheana féin.
Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas croíúil a ghabháil libhse, as teacht inniu agus as an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh agaibh ar son na teanga. Go raibh míle maith agaibh, agus go dté sibh slán.