Óráid an Uachtaráin ag Féasta 100 – Ceiliúradh Athbheochan na Gaeilge
Óstán Double Tree Hilton, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, Dé Satharn, 3 Nollaig 2016
A Dhaoine Uaisle,
A Chairde Gael,
Tá an-áthas orm bheith anseo in bhur gcuideachta anocht ag an ócáid seo ina ndéanfar ceiliúradh ar stádas na Gaeilge agus an áit lárnach atá aici i gcultúr na hÉireann. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge, Glór na nGael, Coláiste na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn agus Gaelscoileanna as an gcuireadh a tugadh dom a bheith mar aoi oinigh na hócáide agus a bheith in bhur dteannta anocht.
Agus muid i gcomhluadar a chéile ag druidim ar dheireadh na bliana, is fiú dúinn breathnú siar ar an mbliain atá caite chomh maith le súil chun cinn a chaitheamh ar an todhchaí agus ar an áit ar mhaith linn an Ghaeilge a fheiceáil ann mar chuid den todhchaí sin.
Níl amhras ar bith ach gur thug an clár comórtha an deis dúinn mar phobal comóradh, machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad bliain atá caite ó aimsir Éirí Amach na Cásca – uair a thosaigh an t-aistear i dtreo neamhspleáchais. Ba thionscnamh uaillmhianach, fadréimseach a bhí sa chlár comórtha inar cuimsíodh seacht snáithe ar leith - a raibh an Ghaeilge mar cheann lárnach acu.
Bhí nádúr agus scála an chomórtha thar cuimse. Eagraíodh na mílte imeachtaí agus tionscnaimh – idir imeachtaí oifigiúla stáit agus neamhoifigiúla, imeachtaí sollúnta agus drámata agus gach cineál imeachta idir eatarthu. Thar tréimhse iomlán na bliana, d’fhreastail pobal na hÉireann agus an diaspóra ar imeachtaí éagsúla mar chuid den chomóradh; facthas, cláracha faisnéise, drámaí stáitse agus teilifíse, ceolchoirmeacha, léirithe beo agus taispeántais de gach cineál; Scríobhadh agus léadh leabhair, aistí, ailt nuachtán agus ábhar scríofa eile nach iad: chualathas an iliomad plé agus díospóireachtaí ar na meáin faoi gach gné den scéal agus thar aon ní eile ghlac an pobal páirt fonnmhar, gníomhach sa chlár. Mar gheall ar seo ar fad creidim go bhfuil athshamhlú déanta againn féin ar an gcaoi a fheicimid muid féin mar Éireannaigh sa domhan mór ar lámh amháin agus ar an lámh eile faoin gcaoi a fheiceann an domhan mór muidne.
A bhuíochas don chomhpháirtíocht ghníomhach agus rathúil idir eagraíochtaí stáit agus eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre, a bhfuil cuid díobh anseo anocht, cuireadh clár Gaeilge spleodrach le chéile mar léiriú ar áit lárnach na Gaeilge in idéil na glúine réabhlóidí agus chun an teanga a cheiliúradh. Mar chuid de shnáithe Gaeilge an chláir chomórtha, An Teanga Bheo, eagraíodh breis agus 30 imeacht agus tionscnamh - idir imeachtaí ardiomrá, chlár digitithe, acmhainní foghlama ar líne, léachtaí, díospóireachtaí, seimineáir, imeachtaí ealaíon agus comhpháirtíocht leis na meáin chumarsáide. Chomh maith le bheith aitheanta mar shnáithe faoi leith de, bhí an Ghaeilge fite fuaite tríd an gclár comórtha trí chéile. Faoin snáithe dar teideal Rannpháirtíocht Phobail, eagraíodh faoi scáth na nÚdarás Áitiúil, breis agus 150 tionscnamh agus imeacht faoi leith a bhain leis an nGaeilge. De thoradh seo ar fad scaladh solas ar áit na Gaeilge i saol comhaimseartha na tíre agus an domhain.
Rinneadh iarracht chomh maith chun a chinntiú go mbeidh oidhreacht bhuan fágtha mar lorg fadtréimhseach an chláir agus i measc na meabhrúcháin bhuana tógadh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc, ina ndíreofar go sonrach ar áit lárnach na Gaeilge i bhfís an Phiarsaigh agus ar uathúlacht na Gaeltachta mar fhearann dúchais na teanga.
Meitheal measúil, cruthaitheach, samhlaíoch agus fuinniúil a bhí sa chlár comórtha, inar ghlac na mílte daoine páirt ann agus a chruthaigh bliain faoi leith a mhairfidh go ceann i bhfad i gcuimhne na ndaoine.
Bhí deis agam féin freastal ar roinnt mhaith ócáidí ina raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach díobh ó thús na bliana agus bhíos a cur béim ar stadas agus úsáid na Gaeilge i rith na bliana. Ceapaim gur bhualas le roinnt mhaith agaibh ag na hócáidí sin, ach b’fhéidir nach raibh sibh gléasta chomh galánta is atá sibh anocht!
Ó bhronnadh gradaim an Oireachtais go freastal ar chomórtas peil na Gaeltachta; ó labhairt le Coimisinéirí teanga ó faid na cruinne go bualadh le páistí i ngaelscoileanna dhifriúla thar timpeall na tíre. Ó chéiliúradh scór bhliain de TG4 go cheiliúradh an éacht a rinne céad Uachtarán na hÉireann, Dúbhghlas de hÍde ar son na teanga. Ag na hócáidí seo, agus cinne eile nach iad, labhaireamar faoi ról agus athnuachan na Gaeilge. Bhí deis againn achoimre a dhéanamh ar ár n-iarrachtaí i leith na teanga sa chéad atá caite, na h-áiteanna ar theip orainn, na baol atá romhainn i gcónaí agus, chomh maith, na hábhair dóchais atá againn: an dea-thoil i leith na teanga atá ann an t-am ar fad, na féidireachachtaí atá ann dúinn sna modhanna cumarsáide nua, idir craoltóireacht agus an domhain digiteach. Nach íontach an ocáid a bhí againn Oíche Shamhna chun 20 bliain TG4 a chéiliúradh. Agus cé a shamhlódh go mbeadh éileamh 2.3 milliún duine ar an App Duolingo, chun an Gaeilge a fhoghlaim.
Mar a dúirt mé ag an cóisir “Gaeilge sa Gháirdín” a thionólas ag Áras an Uachtaráin i rith an tsamhraidh, is meascán í ár scéal maidir leis an nGaeilge idir dearfach agus diúltach. Idir na baol agus bacanna ata romhainn agus na féidireachtaí gan teorainn ata ann chomh maith.
Agus muid ag druidim le ceann scríbe an chláir agus le breacadh na hathbhliana, tá sé tráthúil go mbreathnóimis arís ar staid reatha na Gaeilge, ar cad atá bainte amach ó bunaíodh an stát, ar cad iad na dúshláin is mó atá romhainn agus cá bhfuil ár dtriall mar phobal maidir leis an nGaeilge.
Mar fhorléargas ginearálta ar an méid atá bainte amach ba mhaith liom cúpla rud faoi leith a lua go sonrach, mar ábhar misnigh agus spreagtha, tá súil agam. Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hÉireann le stádas faoi leith aici sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001. Tá stádas aici mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Tá suim as cuimse sa Ghaeilge agus i léann na Gaeilge ar fud na cruinne agus í mar ábhar teagasc i mbreis agus 40 ollscoil go hidirnáisiúnta.
Le cur i bhfeidhm céimiúil na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a thosaigh cúig bliana ó shin - le tacaíocht pholaitiúil tras-pháirtí, tá plean leagtha amach ag an Rialtas don tréimhse idir seo agus 2030. Leagtar na bealaí amach sa straitéis faoina ndéanfar an Ghaeilge a threisiú mar theanga sna naoi réimse gnímh a gcuimsítear inti - ina measc, an Ghaeltacht.
Tá raon leathan beartais, clár, scéimeanna agus tionscnamh á gcur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach ag eagraíochtaí Gaeilge i gcomhar le forais Ghaeilge an stáit. Tá an obair seo ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge a threisiú mar theanga bheoga bhisiúil i gcomhréir le mianaidhm na straitéise agus tá na heagraíochtaí atá anseo anocht ar thus cadhnaíochta san obair thábhachtach sin.
De thoradh na seirbhísí laethúla craolacháin a chuireann TG4 agus Raidió na Gaeltachta ar fáil, tá teacht ag pobal éisteachta agus féachana na Gaeilge in Éirinn agus thar lear ar sceideal cuimsitheach cláir Ghaeilge de gach cineál. Ní chóir dearmad a dhéanamh ar ndóigh ar an obair fhónta a dhéanann na stáisiúin raidió; Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió Rí-Rá sa réimse seo an obair fhónta a dhéanann foireann an nuachtáin leictreonaigh tuairisc.ie chun a chinntiú go bhfuil rogha d’ábhair nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.
Mar gheall ar seo agus go leor eile tá an chosúlacht air go bhfuil an Ghaeilge ag dul i dtreis. Dar le torthaí daonáireamh 2011 tháinig ardú níos mó ná seacht faoin gcéad ó 2006 ar an líon daoine a mhaígh go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt. Tá léirithe i dtaighde go bhfuil pobal na hÉireann báúil don Ghaeilge. Is leor breathnú ar an éileamh atá ar oideachas Gaeilge ó cheann ceann na tíre mar fhianaise go n-aithnítear luach na teanga go forleathan.
Dá fheabhas an dul chun cinn seo, is gá a bheith ag faire amach i gcónaí ar na bealaí chun rudaí a threisiú tuilleadh ar leas na Gaeilge agus ag an am céanna na rudaí atá ar aimhleas na teanga a bhainistiú, a mhaolú nó a sheachaint oiread agus is féidir.
Is údar buartha dom go pearsanta go bhfuil ceal suntasach ann i státchóras na tíre mar a bhaineann sé le hinfheictheacht na Gaeilge ag ardleibhéal bainistíochta Ranna Stáit, údaráis áitiúla agus eagrais Stáit. Ní go sách minic a chloistear an Ghaeilge ag an leibhéal sin agus má táimid i ndáiríre faoi dlús a chur le treisiú na Gaeilge, is gá dar liom féin, dul i ngleic leis seo le go mbeidh an cheannaireacht, an cumas agus an bá cuí ann don Ghaeilge ag an leibhéal sin.
Deirtear gur ag feo atá rud mura bhfuil sé ag fás agus is díol suntais é go bhfuil clár siamsaíochta na hoíche anocht – idir cheol, damhsa, amhráin agus cheol comhdhéanta de shaothar a cumadh as an nua mar chuid den chlár comórtha. Mar fhocal scoir fágfaidh mé libh le cúpla líne filíochta ó pheann an fhile agus an aisteora Seán Ó Tarpaigh, a scríobh agus a léirigh dráma mar chuid den Teanga Bheo i gcomhar le fear an tí na hoíche anocht, dar teideal Foxy Jack – Giolla Éireann faoi shaol Major John Mac Bride a cuireadh chun báis tar éis Eirí Amach na Cásca:
Cé hiad na taibhsí ionann a spreagann muid chun troda?
Ionann nó mór thimpeall orainn, lenár linn nó ó na glúine atá imithe i léig.
Mianta mistéireacha ár ndaonnachta, fáiscthe go dlúth i snaidhm:
“Tír, Pobal agus Teanga”.
Tréaslaím libhse mar eagraíochtaí as an obair atá déanta agaibh thar na blianta i gcaomhnú agus i sealbhú na Gaeilge. Murach an obair sin bheadh rudaí níos faide siar go suntasach gan amhras. Impím oraibh gan na maidí a ligin le sruth.
Leanaimis orainn mar phobal ag saothrú na Poblachta agus ag saothrú na Gaeilge. Tapaímis an deis chun spiorad na meithle a bhí le sonrú sa bhliain stairiúil seo - agus atá go smior ionann mar phobal, a chur chun fónaimh ar son an rud is cás linn ar fad sna blianta atá romhainn – is é sin an Ghaeilge.
Guím gach beannacht oraibh san obair sin. Go raibh míle maith agaibh go léir.