Óráid ag Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga
Aula Maxima, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 7ú Márta 2016
A Chathaoirligh agus a dhaoine uaisle go léir.
Mar tús ar m'óráid anocht, is mian liom cúpla focal a rá faoin Onórach Adrian Hardiman. Ba chúis mhór bhróin dom é nuair a chuala mé gur bhásaigh an tOnórach Hardiman ar maidin. Bhí sé ar dhuine de hintinní dlíthúla móra ár linne. Bhí sé ina chosantóir paiseanta ar chearta teanga, ar chearta an duine agus ar saoirse daoine aonair. Ina bhreithiúnas i gcás 2001 Ó Beoláin v Fahy labhair sé faoin deacracht a bhíonn ag dlíthí agus a ndlíodóirí idirghníomhú a dhéanamh leis an córas dlí, áit a rinne sé tagairt don
“stark reality that the individual who seeks basic legal materials in Irish will more than likely be conscious of causing embarrassment to the officials from whom he seeks them and will certainly become conscious that his business will be much more rapidly and efficaciously dealt with if he resorts to English. I can only say that this situation is an offence to the letter and spirit of the Constitution”
Sa chás sin, rinne sé an phointe go raibh an Stát ag teacht salach ar a dhualgas bunreachtúil féin i leith na teanga.
Thar rud ar bith eile is tírghráthóir agus Éireannach an-mhórtasach ba ea é an tOnórach Hardiman, a chaith a shaol ag obair ar son na tíre. Is mór an chailliúint é don dlí agus d'Éire i gcoitinne. Is mian lion cású lena bhean chéile Yvonne Murphy, lena pháistí agus lena mhuintir i gcoitinne. Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis.
Is mór an phribhléid domsa tús oifigiúil a chur le Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga anseo tráthnóna san ionad ársa seo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus gabhaim buíochas le lucht eagraithe na Comhdhála as an gcuireadh é sin a dhéanamh.
Cuirim fearadh na fáilte romhaibh go léir, go háirithe sibhse a thaistil achar fada le bheith linn agus tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe agus taitneamh as bhur gcuid ama linn anseo i gCathair na dTreabh.
Cuirim fáilte ar leith roimh na Coimisinéirí Teanga ón iliomad tíortha ar fud an domhain atá tagtha chun a gcuid taithí agus saineolais a roinnt le chéile le linn na Comhdhála:
- Graham Fraser, Coimisinéir Teanga Cheanada, agus Uachtarán an Chumainn Idirnáisiúnta seo;
- Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Big, atá ina rúnaí ar an gCumann;
- Katherine D’Entremont, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, New Brunswick;
- François Boileau, Coimisinéir do Sheirbhísí Teanga na Fraincise, Ontario;
- Shannon Gullberg, Coimisinéir Teanga, Críocha an Iarthuaiscirt, Ceanada;
- Sandra Inutiq, Coimisinéir Teanga, Nunavut;
- Bart Weekers, Ombudsman na bPléimeannach;
- Rafael Ribó, Ombudsman na Catalóine;
- Slaviša Mladenović, Coimisinéir Teanga, An Chosaiv;
- Manuel Lezertua, Ombudsman Thír na mBascach, agus
- Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga na hÉireann.
Is ceiliúradh é an chomhdháil seo ar an éagsúlacht mhór teangacha atá ar fud an domhain agus ar an gcultúr agus an fhéiniúlacht ar leithligh a ghineann an éagsúlacht sin. Ar an drochuair, tá go leor de theangacha an domhain i mbaol a gcaillte mar gheall ar fhás leanúnach na mórtheangacha i ngach gné dár saol.
Tá brú ollmhór dá réir ar thíortha agus ar phobail atá ar a ndícheall ag iarraidh go mbeidh stádas, feidhm agus todhchaí ag a dteangacha dúchais in ainneoin rabharta an domhandaithe atá mórthimpeall orainn. Déanann an Dr. James McCloskey, as Doire ó dhúchas agus atá ina Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Chalifornia, Santa Cruz, cur síos ar an tragóid a bhaineann le bás teanga ina leabhar Guthanna in Éag – an mairfidh an Ghaeilge beo?
“Gach teanga a ghéilleann do na brúnna eacnamaíochta, polaitíochta agus cultúrtha atá ag luí orthu inniu, agus a thugann suas a hanam, bheireann sí léi chun na huaighe stór fairsing, iliomadach eolais agus seanchais – iarracht iomlán phobail thar na cianta dul i ngleic le deacrachtaí agus rúndiamhra na beatha...Is mór an chaill don chine daonna uilig díobhadh an stór eolais, cuimhneacháin, grinn agus saoithiúlachta.”
Tá na tacaíochtaí a thugtar do mhionteangacha, idir thacaíochtaí ón stát agus ón bpobal, riachtanach má tá rath agus bláth le bheith i ndán do na teangacha sin. Sa chomhthéacs seo, tá an struchtúr comhoibritheach atá bunaithe idir na pobail teanga éagsúla trí Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le moladh go mór. Is ar scáth a chéile a mhairimid agus is trí chomhoibriú lena chéile agus trí fhoghlaim óna chéile is féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun cothromaíocht agus cearta teanga a bhaint amach agus feasacht ar na cearta sin a ardú.
In ainneoin nach bhfuil sé ar an bhfód ach le dornán beag de bhlianta, tá obair an-fhiúntach déanta agus á déanamh ag an gCumann ar fud an domhain, agus tréaslaím libh as bhur dtiomántas agus bhur ndúthracht mar chosantóirí cearta teanga sna dlínsí éagsúla ina bhfuil sibh ag feidhmiú.
Tá clár suimiúil spreagúil curtha le chéile don Chomhdháil trí lá seo, clár a thugann deis cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi na mórcheisteanna a bhaineann le teangacha a chosaint agus a chaomhnú. Chomh maith le léargas a fháil faoin staid reatha maidir le reachtaíocht teanga i ndlínsí éagsúla, déanfar plé ar ghnéithe tábhachtacha eile atá lárnach do shealbhú agus d’fhorbairt mionteangacha, féiniúlacht, cultúr agus cúrsaí oideachais san áireamh.
Tá sé tráthúil go bhfuil an chomhdháil seo a heagrú mar pháirt d’Éire Dhá Mhíle agus a Sédéag (2016), clár fairsing imeachtaí atá curtha le chéile chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca Naoidéag Sédéag (1916), tráth ar nascadh náisiúnachas Éireannach le gluaiseacht réabhlóideach, gluaiseacht chultúrtha agus gluaiseacht teanga sa chaoi gur cruthaíodh gluaiseacht dhochloíte féinchinntiúcháin. Mar thoradh ar fhís agus ar idéil na glúine sin aithníodh, le bunú an stáit nua, a thábhachtaí agus a bhí sé go gcaomhnófaí an Ghaeilge mar shiombal eisiach dár bhféiniúlacht Ghaelach, mar a shamhlaigh an chéad Ollamh le Teanga agus le Litríocht na Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann agus mo réamhtheachtaí mar chéad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde. Seo sliocht as aitheasc cáiliúil a thug sé sa bhliain Ochtdéag Nocha dó (1892) don Irish National Literary Society:
“When we speak of 'The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation', we mean it, not as a protest against imitating what is best in the English people, for that would be absurd, but rather to show the folly of neglecting what is Irish, and hastening to adopt, pell-mell, and indiscriminately, everything that is English, simply because it is English.”
Bhí fealsúnacht de hÍde agus a chomhleacaithe bunaithe ar an mbunphrionsabal radacach nárbh fhéidir leis an bpearsantacht Éireannach dul i mbláth i gceart agus nach mbeadh sí in ann lán a cumais a bhaint amach de bharr na srianta agus na mbacainní a bhain leis an tsochaí a bhí ann ag an am. Sochaí a bhí ann a cruthaíodh agus a treoraíodh den chuid ba mhó ar mhaithe leis an Ríocht seachas ar mhaithe leis na hÉireannaigh. Cé go raibh athbheochan na teanga mar chuid lárnach den fhealsúnacht sin, ní raibh sí ach ina cuid di. An t-idéal a bhí acu ná sochaí Ghaelach a athchruthú a bheadh oiriúnach don phobal Éireannach agus ag a mbeadh ceangal díreach lena n-oidhreacht Ghaelach. Ba é aidhm na físe nua ná áit na bréagshochaí coilíní a líonadh.
Is feachtas fad-téarmach agus structúrtha a bhí in iarrachtaí an stáit Bhreatanach an Ghaeilge a dhíbeart ón tír. Is cinnte, freisin, ag deireadh an naoiú hAois déag go raibh feachtas intleachtúil agus acadúil eagraithe in aghaidh Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge nuair a rinne siad iarracht a chur ina luí ar an Commission for Intermediate Education stadas an Ghaeilge sa churriculum scolaíochta a neartú, áit a raibh sé beagnach go hiomlán in easnamh.
Is ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath a thánaig an ionsaigh ba láidre, le John Gwynn, John P. Mahaffy agus Robert Atkinson ag déanamh an argóint nach raibh luach beag nó mór ar an dteanga seachas mar ábhar acadúil, stairiúl. Ag tagairt don teanga dúirt Gwynn “Modern Irish has little to recommend it: its syntax is monotonous and underdeveloped” Comh maith le sin dúirt sé “Modern Irish Literature has... little or no value qua literature”. Dúirt Mahaffy nach raibh aonrud i litríocht na Gaeilge, seachas b’fhéidir litríocht Creidimh, nach raibh, ina fhocla féin, “silly or indecent”.
Thuig Dúbhghlas de hÍde go mbeadh saoirse na tíre ag braith ar éalú ó scáth an Bhearla, i measc nithe eile, chun go mbeadh Éireannaigh, trína bhféíniúlachas, in ann a nósanna pobail féin a fhorbairt. Tuigeadh do de hÍde, comh maith, go raibh an tsaoirse intleachtúil oideachasúil ag brath ar thacaíocht na hEorpa agus nuair a chuaigh sé os comhair Choimisiún an Oideachais ar 4 Feabhra 1899 d’úsáid sé fianaise ó scríbhneoirí agus ó scoláirí móra na hEorpa le dul i bhfeidhm ar an Choimisiún:
The Trinity case rests on Dr Atkinson. Two cases are made. One is that (Irish) literature is lacking in idealism and imagination and is indecent. The second is that Irish is a formless, fluid, indefinite state – is, in fact, a ‘dismal swamp’. A little reflection will show how deadly is this onslaught. It is the worst attack ever made on the whole Irish race, on all Irish thought, on the genius of the people. It stamps the race as gross and lacking in creative and imaginative power.
It deprives us of our inheritance, our past. It says, in effect, the thoughts and deeds of the Irish people for over a thousand years are not worth the reading. How they sang or lived, or loved or warred, or worked has no interest. They were a coarse material tribe or tribes, whose written records are valueless. Their writings are ‘low’ ‘near the sod’ and lacking in idealism and imagination. Today they have not an imagination at all.
Now a little of the debt which the continent owes to this calumniated Ireland has been paid. The most eminent foreign scholars have rallied to the defence of our literature and language. All the Irish and foreign authorities are against Dr Atkinson in maintaining the educational value of the language and the worth of the literature. Dr Hyde, Dr Hickey, Father O’Leary, Zimmer Windisch, Stern, Pederson, Dotting, Kuno Meyer and Alfred Nutt traverse the Trinity statement (‘A Pitched Battle’ Editorial, ACS, 18//3/1899)
Céad agus seachdéag bliain níos déanaí agus táimid fós gafa le h-athbheochain na Gaeilge agus conas a h-úsáid a speagadh níos leithne i measc an pobal.
Creidim go bhfuil fís chomónta againn go léir ar suim linn ár dteangacha dhúchais a chosaint agus a fhorbairt. Aithníonn muid na dúshláin mhóra atá le sárú ar a n-áirím: domhan atá ag athrú ar luas lasrach mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta, an tionchar a imríonn cúrsaí eacnamaíocha ar gach gné dár sochaí, an claochlú mór atá tagtha ar thaisteal agus ar mhodhanna sóisialaithe, na hathruithe móra atá tagtha ar phobail de bharr imirce agus inimirce agus an tionchar a imrítear ar chúrsaí teanga dá réir.
Má thógaimid Éire mar shampla, léiríonn Daonáireamh Dha Mhíle is a hAondéag (2011) go bhfuil céad ochtú dó (182) teanga á labhairt ar fud an stáit inniu agus is í an Ghaeilge an tríú teanga is mó a labhraítear, tar éis an Bhéarla agus na Pólainnise. Is é an dúshlán mór atá againn ná na cúinsí a chruthú chun úsáid na Gaeilge a normalú go forleathan ionas go mbraithfidh gach duine gur féidir í a úsáid gan faitíos nó doicheall i ngach gné dá saol.
Úsáideann saineolaithe teanga slata tomhais éagsúla chun rath teanga a mheas, ina measc an tacaíocht stáit agus an tacaíocht phobail a thugtar di. Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil an dá chritéar seo le sonrú i gcás na Gaeilge agus ní ceart dúinn bheith éadóchasach maidir le todhchaí na Gaeilge. Ag eascairt óna stádas bunreachtúil mar theanga náisiúnta agus oifigiúil, tá cosaint tugtha don Ghaeilge san iliomad reachtaíochta a achtaíodh thar na blianta agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach go háirithe, mar chrann taca láidir aici. Is buntáiste breise freisin ar ndóigh an t-aitheantas atá ag an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach ón mbliain Dhá mhíle is a seacht (2007).
Múintear an Ghaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais agus is cúis dóchais ar leith é an fhorbairt mhór atá tagtha ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta le roinnt blianta anuas. Tá áit fheiceálach ag an Ghaeilge sna meáin chraolta, chlóite agus digiteacha; tá forbairt mhór déanta ar áiseanna foclóireachta, agus tá go leor scéimeanna tacaíochta ann chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge. Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine na hÉireann naoidéag nócha naoi (1999), tá obair fhónta á cur i gcrích ag an bhForas Teanga ar bhonn uile-oileáin ag tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ultais araon.
Is cúis dóchais é freisin an dearcadh dearfach maidir leis an Ghaeilge atá le sonrú ó shuirbhéanna éagsúla. Léirigh torthaí suirbhé an ESRI a foilsíodh anuraidh go bhfuil méadú suntasach ar bhá an phobail leis an nGaeilge sa dá dhlínse, thuaidh agus theas.
Is comharthaí dearfacha iad seo agus is féidir tógáil orthu. Mar atá a fhios againn go léir, tá ról criticiúil ag an stát maidir le polasaithe teanga a cheapadh agus a fhorbairt. Chun go néireodh le polasaí teanga mar ata sé leagtha síos againn in Éireann tá sé riachtanach go mbeadh meoin dearfach agus tacaíocht so-fheicthe ó oifigigh sinsireacha sa státchóras, agus, is oth liom a rá, níl sé sin le feiceáil i gcónaí. Ta sé mar chuspóir agam filleadh ar an gceist seo i mbliana, mar chuid de thionscnamh atá faoi bhun agam aird an Phobal a dhíriú ar chúrsaí teanga agus mo thacaíocht, mar Uachtarán na hÉireann, a léiriú don Gaeilge agus a háit i gcroílár sochaí na hÉireann sna blianta atá amach romhainn.
Tá sé tábhachtach ról lárnach an phobail sa phróiseas a aithint freisin mar ag deireadh an lae, braitheann rathúlacht agus todhchaí teangacha ar an rogha a dhéanann pobal teanga amháin a labhairt seachas teanga eile. Tá ról cinniúnach ag na pobail Ghaeltachta anseo in Éirinn agus ag pobail dhúchasacha mar iad i dtíortha eile ach go háirithe, mar is iad na pobail sin a chinntigh seachadadh na dteangacha dúchasacha agus a dtraidisiún ársa mar shlabhra gan briseadh leis na cianta cairbreacha.
Is trí chomhoibriú idir an stát agus an pobal is fearr gur féidir dul chun cinn a dhéanamh mar ní miste a chuimhneamh go bhfuil cultúr bunaithe ar eispéireas coitianta – rud a chothaíonn comhghuaillíocht agus a mhúnlaíonn todhchaí bunaithe ar a ndeachaigh roimhe. Caithfear an oidhreacht sin a bhronnadh ar na glúnta atá le teacht chun a saol siúd a shaibhriú.
Is fiu focail mo chara, an tsárfhile agus buaiteoir dhuais Nobel, Séamus Heaney, a thabhairt chun cuimhne chun an gaol idir teanga, cultúr agus féiniúlacht a thuiscint níos fearr. Ba ag caint faoin nGaeilge a bhí Séamus ach tá macalla sna seintimintí seo do na teangacha go léir a bheidh faoi chaibidil agaibh le linn na comhdhála tábhachtaí seo:
“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential part in their realisation.”
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom an deis seo a thapú le tréaslú le hOifig an Choimisinéara Teanga agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh as an chomhdháil seo a eagrú.
Gabhaim buíochas arís le Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga as ucht cuireadh a thabhairt dom an Chomhdháil a oscailt go hoifigiúil agus as an bhfáilte chroíúil a chuir sibh romham. Guím gach rath ar an Chomhdháil agus guím go leana bhur saothar ag dul ó neart go neart.
Go raibh míle maith agaibh.