Media Library

Speeches

Teachtaireacht ón Uachtarán Lá le Pádraig 2021

Lenár ndaoine ag samhlú aiséirí na hÉireann ó scáth dochrach phaindéim Covid-19, agus ár ndomhan mar atá sé, ag folaingt, i gcruachás de bharr easpa measa ar an gcothromaíocht idir riachtanais an tsaoil agus cumas athbheochana an phláinéid, cén teachtaireacht is chuí a sheoladh an bliain seo, ar Lá le Pádraig 2021?

Cén teachtaireacht is cuí le hÉireannaigh an oileáin, agus muintir na tíre fud fad na cruinne, iad go léir san áireamh, Éireannaigh ó dhúchais agus iad siúd atá díreach tagtha chun na tíre, a roinnt le chéile ar Lá Fhéile ár Naomhphátrúin?

B’fhéidir, agus cúinsí éagsúla ann i mbliana, gurbh fhearr dúinn an lá a bhunú arís ar scéal Naomh Pádraig. Scéal cumhachtach, miotasach as a dtagann ár Lá Náisiúnta, a chuireann muid os comhair an domhain ar fad ar an seachtú lá déag Márta gach bliain.

Is mar sclábhaí a tháinig Pádraig go hÉirinn, d’éalaigh sé agus d’fhill sé arís. Imirceach ab ea é. Tá sé lonnaithe i mbunchloch ár n-imircigh Éireannacha, ár dteachtairí manachúla, i measc eisimirce an naoú haoise déag roimh an nGorta Mór agus caillteanas ár ndaoine a d’éalaigh ar mhaithe lena slánú i ndiaidh an Ghorta.

Is fiú dúinn a choimead a gcuimhne i gcónaí gurb’ í ár scéal ná sa bhliain 1901 bhí formhór na nÉireannach a rugadh ar oileán na hÉireann ina gcónaí thar lear.

Lá speisialta is ea Lá Fhéile Pádraig, mar sin, le cuimhneachán a dhéanamh ar stair ár n-imirceach. Is deis foghlama í freisin, mar aon le foinse ár mianta agus polasaithe sa bhaile agus i gcéin.

Sna h-áiteanna éagsúla a mbíodh Éireannaigh ag canadh in ard a ngutha ar Lá Fhéile Pádraig tráth, táthar ag glacadh páirt ina nguthanna le pobail imirceach ar fud an domhain. Pobail is ea iad seo a bhfuil na cianta caite acu ag sárú cúinsí reatha.

Dúinne mar Éireannaigh, ba é Naomh Pádraig an teachtaire a thánaig chugainn, a thug leis tiomna faoin gcumhacht taobh amuigh den duine féin, spiorad a mhúnlaigh croí na daonnachta.

Imirceach ab ea é, a d’iompair leis teachtaireacht an imircigh bháúil agus a chruthaigh gurbh fhéidir í a nascadh le foinsí eile an spioraid. Tá gach cineál éabhlóide agus spioraid taobh amuigh d’anró an duine tábhachtach.

D’aithin ár bPátrún Pádraig an gá speisíalta a bhain lena theachtaireacht a fhí isteach sa mheas don nádúr, dá chumas agus gealltanas athbheochana, tréith chomónta í seo sa spioradáltacht dhúchasach. 

Ar Lá Fhéile Pádraig 2021, meabhraítear dúinn go roinnimid go léir an bhuairt, an spleáchas agus an géarghá le tuiscint a fháil, tuiscint ar féidir léi gach teorainn a shárú. I gceacht foghlama Covid19, tá léargas doshéanta le fáil - ní hamháin go bhfuil orainn go léir, le chéile, teacht trí cheo na paindéime, ach an mórtas, sotal agus díomas a bhaineann le smacht, le cur i bhfeidhm agus le heisiamh a chur dínn. Straitéisí saoil ab ea iad seo, a d’fhág a lorg i bhfoirm easpa daonnachta agus domhan i mbaol. 

Tá an deis againn anois le bliain anuas, iniúchadh a dhéanamh ar na tuairimí sin a chuir an dallamullóg orainn maidir le cé muid féin. Tá go leor le caitheamh uainn, agus b’fhiú dúinn seo a dhéanamh gan mhoill. Mar shampla, is cinnte nach bhfuil cogadh de dhíth le teacht ar shíocháin; mar sin nuair a thagtar ar leigheas, éacht eolaíochta a dhéanann galar a sheachaint nó a réiteach, ba chóir dúinn an éacht seo a roinnt, in ionad é a choimeád dúinn féin le hairgead a thuilleamh i gcomórtas trádála mí-chothrom.

Beidh spás don áthas nuair a éalóimid ó Covid19, ach beidh an t-áthas seo á stiúradh ag ár luachanna úra, a ndéanfaimid cleachtadh orthu agus muid ag tabhairt faoinár dturas nua le chéile. Agus muid ag teacht amach ó scáth Covid19, b’fhiú dúinn eolas a scaipeadh ar bhonn domhanda le turas comhroinnte a thógáil. Tá muinín san fhocal scríofa ag dul i léig, ní mór dúinn an muinín sin a athbhunú.

I mbliana, is cinnte go mbeidh achrann ann.  Cé go mbeidh cuimhní ann de thurais ón am atá caite, beidh díomá ann freisin go mbeidh gá le turais eile a chur ar athlá. Déanaimis comhbhrón leis na daoine sin gur bocht an t-ionadaí í an teicneolaíocht ar an gcaidreamh agus teagmháil san fhíorshaol.  

Ar bhealach úrnua i mbliana a stiúrfar an t-aitheantas tábhacht seo dár bPátrún, tobar an dóchais dúinn ar fad. Is féidir linn foghlaim uaidh mar a dhéanaimid i gcónaí, agus sna blianta amach romhainn nuair a bhaileoimid le chéile ag na mórshiúlta arís, ní bheimid ite ag an tomhaltas.

Cuimhneoimid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche haon agus an tús a chuir muid leis an turas nua. Is turas é seo a bhfuil fonn orainn a roinnt leis an domhan mór agus a mhuintir go léir, ceann a chabhróidh linn athnuachan a dhéanamh ar an meas don Mháthair-Chruinne, a bhfuil baint againn uilig léi. D’fhág ár Naoimh Pádraig agus Bríd léargais agus críonnacht sheasmhach dúinn ar thábhacht an nádúir.

Amach anseo, nuair a chuimhneoimid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche haon, go bhfillimid air le fuinneamh agus fonn, agus muid ag déanamh iarrachta an saol a chur ina cheart arís, go mall agus go cúramach. Ba iad an ceol agus an chruthaitheacht ár n-acmhainn le linn na paindéime, agus casaimid ar cheol an chroí nuair nach féidir linn teacht ar na focail – foirmeacha éagsúla athbheochana, féidearthachtaí cleachta, aistir iontais agus triail go háiteanna nua.

 

            “Déanaimid dearbhú,

            Údar dóchais i ndán dúinn.

            Seasaimid amach ón ndorchadas,

            Isteach go fáinne an lae nua”.

Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom muintearas a dhéanamh leo siúd ar Éireannaigh iad, bíodh sin ó dhúchas, le hoidhreacht nó trí chaidreamh, agus iad siúd freisin a chabhraigh lenár nÉireannaigh an bhliain seo go háirithe. Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta daoibh go léir, agus dóibh siúd ar chuid lárnach de chlann na hÉireann iad, mar aon lena cairde agus clanna ar fud an domhain.

Beir beannacht.