Media Library

Speeches

Speech by President Mary Robinson on the occasion of the Official Opening of Ceiliúradh An Bhlascaoid

Speech by President Mary Robinson on the occasion of the Official Opening of Ceiliúradh An Bhlascaoid

A dhaoine uaise ar fad, cuireann sé áthas croí orm bheith i bhur mease sa pharóiste Gaeltachta seo a bhfuil cáil nach beag air ó thaobh an tseanchais agus na litríochta de.

Tá áthas faoi leith ormsa bheith anseo mar Uachtarán i measc chosmhuintire an pharóiste is a gcairde. Ar ndóigh ní mise an chéad Uachtarán a fuair an phribhléid cuairt a thabhairt ar Dhún Chaoin - bhí Éamonn de Valera anseo agus d'fhanadh sé siúd i "dTigh na Cille" - atá an-ghairid don Ionad seo.

Bhí ard-athne sa dúthaigh seo ar iar-uachtarán eile, Cearbhall Ó Dálaigh agus a chéile Máirín. Is féidir liom a dhearbhú dhaoibh gur chaith an bheirt acu cuid de mhí na meala istigh ar an mBlascaod agus d'fhanadar ar lóistín i dtigh Pheats Tom Ó Ceárna ansin. Tá leabharlann iomlán Chearbhaill agus Mháirín á choimeád anseo san Ionad anois, a bhuíochas sin dár sean-chara, An Dr. Canónach Pádraig Ó Giannachta, a cheannaigh leabharlann mhuintir Dhálaigh agus a bhronn ar an Ionad anuraidh é.

Tá cuairt tugtha ar an bparóiste seo ag na sluaite ó gach aird ar domhan chun blaiseadh a fháil de shaibhreas cultúrtha an cheantair. Tá blas faighte acu siúd chomh maith de fhlaithiúlacht na ndaoine agus iad curtha faoi dhraíocht ag áilleacht na dúithí.

I bhfad sular cuireadh áilleacht an cheantair seo os comhair an domhain mhóir sa scannán "Ryan's Daughter", a rinne David Lean i ndeireadh na seascadaí, do bhí cáil dhomhanda bainte amach ag údair ón oileán beag mara sin, ar a dtugtar An Blascaod Mór, lena gcuid litríochta suaithisí.

Beimíd faoi chomaoin go deo ag cuairteoírí thar lear ar nós Karl Marstrander, Robin Flower agus George Thomson chomh maith lenár ndaoine féin, Máire Ní chinnéide, Pádraig Ó Siochfhraoha (An Scabhac) agus Brian Ó Ceallaigh, chun gan ach an beagán a lua, a d'aithnigh saibhreas an chultúir a bhí ar an mBlascaod agus a spreag na hoileánaigh chun peann a chur le pár sula mbeadh sé ró-dhéanach.

Is é Tomás Ó Criomhthain an chéad Bhlascaodach a fuair an teann misnigh chun tabhairt faoin scríbhneoireacht agus a scéal a insint don domhan mór lasmuigh, rud a rinne sé le fonn agus le mórtas. Is ó a shaothar siúd a spreag Blascaodaigh eile chun pinn, ach go háirithe Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin.

Táimid bailithe le chéile an deireadh seachtaine seo chun ómós a thabhairt do Thomás Ó Criomhthain (nó Tomás Dhómhnaill mar a thugadh a mhuintir féin air, a bhain cáil amach dó féin i measc lucht litríochta ar fud an domhain cé gus ar éigean a thág sé féin a oileán dúchais i rith a shaoil. Ba mhór an éacht é seo ag iascaire ná raibh mórán de mhaoin an tsaoil aige agus a bhí ina chónaí ar oileán beag a bhíodh scoite amach ón míntír go minic.

Cuireann sé áthas orm slua chomh gradamúil is chomh díograiseach a fheiceáil os mo chomhair, trí fichid blian tar éis bháis Thomáis agus sinn chun comóradh spleodrach a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar. Go mbí gach rath ar an gcomóradh seo. Ní bheadh an comóradh seo ann mura mbeadh gur scríbhneoir den scoth a bhí san oileánach seo agus go dtaitníonn a chuid leabhar fós leothu siúd a bhfuil de phribhléid acu a shaothar a léamh. Cruthú ar seo is ea gus tháinig athehló de na haistriúcháin Fraincíse agus Gearmánaise amach sa samhradh seo caite - chomh maith le athchló ar an leagan Gaeilge agus aistriúchán nua ar fad sa Danmhairgis.

Tá scríbhneoireacht an Bhlascaoid i gcoitinne chomh tábhachtach sin is nac féidir linn, má tá aon spéis in aon chor againn in ár ndúchas, dearmad a dhéanamh uirthi. Do tógadh an tIonad seo ina bhfuilimíd in ár seasamh faoi láthair chun bhlas de chultúr agus de scríbhneoireacht den scoth a thabhairt don méid is féidir dár muintir féin agus chomh maith leis sin do mhuintir an domhain a thagann ar cuairt go dtí Corca Dhuibhne. Tá fhios agam go mbíonn formhór na ndaoine a thagann go dtí an Ionad seo faoi dhraíocht ag scéal an Bhlascaoid agus a chuid scríbhneoirí.

Fairíor, ní raibh pobal rafar an Bhlascaoid buan. Bhí tráth go raibh nach mór dhá chéad duine ina gcónaí ann, le linn an Chéad Chogaidh Mhóir. Ní raibh fághta ann act dhá dhuine agus fiche nuair a tréigeadh an t-oileán go hoifigiúil sa bhliain 1953. Toisc gur i dtaobh leis an ngannchuid a bhí muintir an oileáin agus toisc go raibh fonn ar Bhlascaodaigh óga slí bheatha níos fearr, mar a cheapadar, a bhaint amach dóibh féin thar lear, do dhíthigh imirce ón oileán an daonra ann chomh mór sin go dtí ar deireadh ná féadfadh an pobal beag a bhí fágtha seasamh ar a chosa féin níos faide. Go dtí an lá atá inniu ann mothaítear gus tragóid mhór abea cailliúint an phobail seo a bhí chomh cruthaitheach agus chomh fior-Ghaelach. Bhí an scéal céanna ag an-chuid pobal eile a mhair ar an gcósta thiar.

Dála na bpobal sin ar an imeallbhord thiar, d'éirigh leis na Blascaodaigh bonn a chur fúthu féin thall agus measeadh go maith le muintir na dúithíin. Níor chaill a sliocht a suim sna préamhacha as ar fáisceadh iad mar ba rí-léir ón scannán iontach "Blasket Roots/American Dreams", urraithe ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus a craoladh ar RTÉ le déanaí.

Ar an ócáid stairiúil seo cuirim mo bheannachtaísall ó Ionad an Blascaoid anseo go dtí muintir an oíleáin sin ar fad agus a sliocht i Springfield, Massachusetts agus i gcathracha eile Mheiriceá. Táim an-shásta go bhfuil ionadaithe de chuid na mBlascaodach i Meiriceá taghta chugainn anseo anocht chomh maith le cuid de mhuintir an oileáin féin a bhfuil cónaí orthu anois ina gceantar dúchais. Déarfainn nach mbeidh aon easpa scéalta ar Bhlascaodaigh níos déanaí, nuair a bheidh deis acu suí le chéile ar a sáimhín só agus an dá shaol a chur trí chéile.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine atá páirteach in eagrú an chomóradh seo agus guím gach beannacht ar na himeachtaí. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos móeolais againn go léir mar gheall ar an bhfear iontach seo, Tomás Ó Criomhthain, sula mbeidh an deireadh seachtaine críochnaithe is go mairfidh a chuimhne sna glúnta atá romhainn amach. Scrígh Ó Criomhthain cúpla leabhar a dúirt sé féin "chun go mbeinn beó agus mé marbh". Tá spiorad Thomáis Uí Chriomhthain beó linn arís an deireadh seachtaine seo.

Fógraím an Comóradh oscailte go hoifigiúil.