Media Library

Speeches

Óráid ón Uachtarán Connolly, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne

Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Corcaigh, 27 Bealtaine 2026

A Chairde Uaisle, A Mhúinteoirí agus a Mhic Léinn ar fad, tá fíor-áthas orm a bheith i bhur gcomhluadar i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bPríomhoide Phil O’Flynn agus le Aoife Anderson ón 6ú bliain as an bhfáilte mhór a cuireadh romham. 

Cuireann sé ríméad orm an dúthracht agus an tiomantas atá léirithe agaibh sa Ghaelcholáiste ní amháin don teanga, leis an Aonad Lán-Ghaeilge atá beo bríomhar, ach freisin na deiseanna oideachais atá curtha ar fáil agaibh i gceantar a bhí fágtha ar lár agus faoi mhíbhuntáiste le ró-fhada. Is breá liom go bhfuil Coláiste na hOllscoile Chorcaí i bpáirtíocht libh sa togra Barr na gCnoc, togra a chuireann ar chumas idir mhúinteoir agus mhic léinn constaicí i gcúrsaí oideachais a shárú. 

Tá sé dochreidte an dul chun cinn atá déanta agaibh agus oideachas tríú leibhéil mar chuspóir inbhainte amach do pháistí na scoile anois, cuspóir nach bhféadfaí fiú a shamhail tamall ó shin.

Tuigtear dom gur éirigh libh duais a bhaint amach ag Taispeántas Eolaí Óg Stripe i mbliana agus gan sibh ach ag glacadh páirte sna comórtais don chéad uair. Comhghairdeas libh as ucht an éachta sin!

Rinne sibh éacht freisin leis an leabhar dhátheangach agus aip Códú 4 U a bhuaigh gradam  i gcomórtas Virgin Digital Innovators. Is léir go bhfuil tobar domhain cruthaitheachta, ábaltachta agus clisteachta le tochailt anseo agaibh!

Is eiseamláir sibh, a chairde, do scoileanna uile na tíre mar go bhfuil an méid atá indéanta nuair a thagann pobal an cheantair agus lucht oiliúna le chéile léirithe go láidir agaibh.  

Is cinnte go bhfuil lóchrann tábhachtach lasta agus cosán na bhféidearthachtaí do pháistí na háite á nochtadh agaibh. 

Tréaslaím libh as ucht bhur saothar.   

Go mba fada buan sibh i mbun foghlama agus i mbun oiliúna.