Media Library

Speeches

Óráid ón Uachtarán Catherine Connolly, SOIRÉE 75 Comhaltas Cheoltóirí Éireann

Teach an Ardmhéara, 2 Bealtaine 2026

A Chairde Uaisle, Ealaíontóirí an Cheoil, an Chultúir agus an Damhsa, tá fíor-áthas orm a bheith i bhur gcomhluadar anocht i dTeach an Ardmhéara agus 75 bliain de Chomhaltas Cheoltóirí Éireann á gceiliúradh agaibh. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hArdstiúrthóir Chomhaltas Cheoltóirí Éireann, an Dr Labhrás Ó Murchú as ucht an chuiridh. 

Is tráthúil go bhfuil muid bailithe le chéile sa bhfoirgneamh stairiúil seo agus sibh ag tabhairt súil siar ar stair bhur n-eagraíochta féin le seachtó cúig bliain anuas.  

Níl aon dabht ach go bhfuil sár-éacht déanta ag an gComhaltas sna blianta sin.  

Bhí cultúr ár dtíre go mór i mbaol nuair a bunaíodh an Comhaltas sa Mhuileann gCearr i 1951 ach anois tá an Ghaeilge, ár gceol agus damhsa i mbéal an phobail go bródúil, gan náire, ní amháin anseo sa bhaile ach ar fud an cruinne.

Níor tharla an t-athrú meoin seo thar oíche nó gan stró.  Tharla sé agus tá sé fós ag tarlú de bharr dúthracht agus díograis bhur leithéide, a chairde, gan dearmad a dhéanamh orthu siúd atá imithe romhaibh a chur anam agus croí ina saothar ar son an cheoil agus an chultúir. 

Tá sé do-chreidte an fás agus forbairt atá tagtha ar an eagraíocht sa 75 bliain sin agus bhur dtionchar le feiceáil anois ar fud an domhain in áiteanna chomh fada ó bhaile leis an gCóiré Thuaidh, Vitneam, An Astráil, An tSín, Zambia, An tSlóivéin gan trácht ach ar a bheagán. 

Ag croí bhur n-eagraíochta tá meas agus urraim do chultúr ársa ár dtíre agus sibh á chaomhnú do ghlúnta na todhchaí. 

Tá stair ár dtíre fite fuaite sna hamhráin, sa cheol, sa damhsa a chuirtear ar ardán go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus a chorraíonn mothúcháin i ndaoine fiú mura dtuigeann siad na focail mar is teanga ar leith atá i gceist leis na taispeántais ealaíonta seo, teanga atá intuigthe ar fud an domhain. 

Teanga í a chuireann idir ghrá agus ghruaim in iúl ar bhealach a théann go smior an lucht éisteachta agus féachana.  

Tá sé nádúrtha go mbeadh eagla roimh fhírinne an tsaoil agus domhan an lae inniu faoi bhagairt.  

Tá sé ró-éasca ár gcuid súl a dhúnadh ar thragóidí agus cluas bhodhar a thabhairt do scéalta an uafáis. 

Ach, is féidir leis an gceol, leis an damhsa, leis na hamhráin an saol a chur in iúl dúinn ar bhealach a théann i bhfeidhm i bhfad níos láidre, uaireanta, ná aon tuairisc ó na meáin.  

Tá sibhse atá i mbun na n-ealaíon cruthaitheach ábalta an domhan ina áilleacht agus ina ghránnacht a chur in iúl ar bhealach a chorraíonn sinn chun seasamh in aghaidh an tíorántachta agus na sainte agus ar son na síochána agus an daonlathais. 

Meabhraítear dúinn, leis an gceol agus an damhsa,  nach aonarán éinne ach go bhfuil ceangal dobhriste eadrainn ar fad, gur pobal agus clann na daonnachta muid is cuma cén áit arbh as dúinn; go bhfuil freagracht agus dualgas orainn ar fad gan neamhaird a dhéanamh ar dhomhan atá imithe as tiúin agus é á phlúchadh ag cogaí agus sárú dlíthe. 

Tá an cumhacht sin, agaibhse, a chairde, fírinne an domhain a chur os ár gcomhair ar bhealach draíochtúil agus muid a dhúiseacht ó gheasa an aineolais. 

Tá an cumhacht agaibh freisin tearmann a chur ar fáil dóibh siúd atá gortaithe agus i bpian mar is cinnte go bhfuil sólás agus faoiseamh ó chruatan an tsaoil le fáil sa cheol agus sa damhsa.  

Agus, dar ndóigh, go háirithe ag ócáid cheiliúrtha mar atá againn anocht, tá ardú meanma, misneach agus dóchas le fáil ón mbarróg ollmhór atá á fháil againn ó cheol agus damhsa na hoíche. 

Ba mhaith liom anois tréaslú libhse ar fad atá gradaim á mbronnadh oraibh anocht mar aitheantas ar bhur saothar i réimsí an cheoil, an damhsa agus an chultúir.  Comhghairdeas ó chroí libh, go fada buan sibh i mbun bhur gcruthaitheachta. 

Tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad sult agus scléip as siamsaíocht na hoíche. 

Go raibh maith agaibh uilig.