Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin ag Gaelscoil Uí Choileáin

Cloch na gCoillte, 11 Meitheamh 2015

A Dhaoine Uaisle,

A bhuachaillí, a chailiní agus a chairde go léir,

Tá an-áthas orm a bheith anseo i bhur measc inniu i nGaelscoil Uí Choileáin chun comóradh fiche bliain na scoile seo a cheilúradh agus chun tionscadal na scoile i scéim an ‘Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon’ a nochtadh go hoifigiúil. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le Cathaoirleach an Bhoird, Traolach Ó Donnabháin agus le Príomhoide na scoile, Carmel Nic Airt as an gcuireadh a chuireadar chugam, agus libhse ar fad as ucht na fíorchaoin fáilte a d’fhear sibh romham.

Tá athás ar leith orm go bhfuil an oiread sin daltaí anseo inniu, idir dhaltaí reatha agus iar-dhaltaí, in éineacht le bhur múinteoirí agus bhur dtuismitheoirí. Tá pobal na scoile tar éis saothar dealbhadóireachta den scoth a chur i gcrích, agus tá a fhios agam go raibh daltaí uile na scoile páirteach sa tsaothar seo le bliain anuas. Is libhse an lá seo, agus is mar aitheantas ar an obair chruthaitheach ealaíne a chur sibhse i gcrích le chéile atáimid ar fad anseo inniu.

Cloistear an seanfhocal go minic ‘ní neart go cur le chéile’ agus is cinnte gur oibrigh pobal uile na scoile anseo le chéile go díograiseach chun an dealbh breá seo a fhorbairt go le chéile.

Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin’, agus gan dabht, níor cuireadh an saothar seo le chéile thar oíche. Ghlac sé go leor comhoibriú ó thaobh pleanála agus eagrúchán chun smaointe agus samhlaíocht gach ball de phobal na scoile a thabhairt san áireamh sa phróiséas chruthaitheach seo. Tá fhios agam go ndearna sibh sár-iarracht chun teacht aníos le cruth áirithe chun an siombalachas a bhaineann le stair, le hoidhreacht agus le nadúr an cheantair mórthimpeall oraibh a léiriú. Roghnaigh sibh ‘éan uisce’, an crotach, a dhearadh agus é ‘ag féachaint amach go maorga ar an tsaol mhór’.   

Íomha an-chumhachtach í seo den chrotach ina léirítear comhbhá leis an stair agus lenár n-oidhreacht shaibhir, chomh maith le radharcanna álainn an cheantair seo. Ceanglaíonn sé isteach go maith le fealsúnacht na scoile seo ag léiriú go bhfuil muid préamhaithe inár ndúchas agus nach bhfuil aon teora leis na limistéir gur féidir linn a fheiceáil sa domhan.

Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le hÉdaín Ní Dhomhnaill, ealaíontóir áitiúl, a rinne stiúradh ar an obair ealaíne seo agus a thug chun críche é. Tuigim go ndearna sibh go leor réamh-oibre chun an siombal ceart a roghnú. Rinne sibh ceardlann scríbhneoireachta le Sorcha Fox, aisteoir; ceardlann ‘faire ar éin’ le Mike O Sullivan, Birdwatch Ireland; ceardlann líníochta agus dealbhadóireachta le hÉdaín í féin;  ceardlann ceoil agus rithime le Rossa Ó Snodaigh agus ceardlann amhránaíochta le Mairéad Ní Mhaonaigh.  Tá fhios agam chomh maith go bhfuair sibh inspioráid iontach ón dán ‘Fill Arís’ le Seán Ó Ríordáin chun íomha d’áilleacht nádúrtha an cheantair a léiriú chomh maith le tuiscint a léiriú ar thábhacht agus ar shaibhreas ár dteanga dhúchais.

Is iontach na snáitheanna éagsúla eolais ó thaobh an chultúr, agus an traidisiúin agus atá go doimhin in oidhreacht na háite seo a pléadh le linn na gceardlanna. Bheartaigh sibh ar íomha an chrotaigh, a léiríonn fealsúnacht na scoile agus oidhreacht an dúiche seo go soiléir. Is é mo bharúil é go mairfidh na seoda luachmhara eolais a d’fhoghlaim na daltaí san phróiséas seo agus an spreagadh samhlaíochta a musclaíodh ina n-aigne i gcónaí. Treaslaím libh agus déanaim comhghairdeas libh as an sár-obair seo atá curtha i gcrích agaibh.

Tá an scoil ag ceiliúradh fiche bliain a bhunaithe i mbliana agus shocraigh sibh an tionscadal seo ‘Ceatadán le haghaidh na nEalaíon’  a chur ar bun.  Tá a fhios agam go gcaithfidh go mbraitheann sibh ar fad atá anseo inniu bródúil, ní hamháin as an ngaisce atá déanta agaibh chun an dealbh seo a chur i gcrích , ach as bhru gcumas Gaeilge a labhairt go laethúil in bhur measc féin.

Saol ilchultúrtha atá againn agus tír ilchultúrtha is ea Éire agus ní mór a mheabhrú go bhfuil ar chumas daoine, sa chuid is mó den domhain, comhrá a dhéanamh in dhá theanga, nó níos mó. Tá sibhse anois i measc an mhóraimh ar fud an domhain, seachas i measc an mhionlaigh, toisc go bhfuil sibh in ann níos mó na teanga amháin a labhairt. Is ábhar mórtais agus bróid daoibh an méid sin. Tá an deis agaibh taitneamh a bhaint as cultúr agus teanga na Gaeilge ina suíomh nadúrtha agus í a labhairt mar mhéan laethúil anseo sa scoil. Is cinnte go bhfuil sibhse sa scoil seo ag déanamh bhur ndícheall chun an teanga agus an cultúr a chaomhnú agus molaim sibh go mór as seo a dhéanamh.

Tuigimid go léir a thábhachtaí agus atá ról na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí. Ón taobh  sin de, is mór an méid atá déanta ag earnáil na Gaelscolaíochta le tuismitheoirí a chumasú leis an ról sin a ghlacadh agus le dearcadh dearfach a chothú i measc tuismitheoirí i leith na teanga. Feictear go leor samplaí i scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre de thuismitheoirí ag gníomhú ar a son  agus ag cuidiú leo  a n-aidhmeanna oideachais a chur i gcrích.

Tuigim ‘gur beatha teanga í a labhairt’ agus is cinnte go bhfuil na h-iarrachtaí atá ar siúl agaibh sa Ghaelscoil seo thar barr ar fad. Bhuaigh sibh Craobh na hÉireann ag an bhféile Scoldramaíochta go mion minic. Maith sibh go léir.

Tá bhur bhfealsúnacht ag teacht le haisling an Choileánaigh féin, agus táim cinnte gur cúis áthais a bheadh ann dó, an ceiliúradh seo ar an Ghaeloideachas agus ar na healaíona cruthaitheacha ina cheantair dhúchais féin. Nach cinnte go gcuirfeadh féith chruthaitheach ealaíontora aitiúl, Édaín Ní Dhomhnaill, lena saothar dealbhadóireachta den éan uisce áitiúl, an crotach, agus an comhpháirtíocht pháistí na scoile lúcháir ar an gCoileánach.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tréaslú arís le gach duine a bhí páirteach  i saol na Gaelscoile seo on tús, leis an Fhoras Patrúnachta, bainistíocht na scoile, foireann, tuismitheoirí agus daltaí na scoile as an lándícheall a dhéanann sibh chun an Ghaeloideachas a spreagadh agus a bhuanú anseo i nGaelscoil Uí Choileáin.

Is mian liom anois bhur dtionscadal ealaíne a nochtadh go hoifigiúil agus beidh sé anseo ar shuíomh na scoile, mar shásaimh agaibh as an obair atá déanta go rí-mhaith agaibh. Guím gach rath ar obair na scoile anois agus sa todhchaí.

Go raibh míle maith agaibh go léir.