Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin ag Comórtas Peile na nOileán 2016

Inis Meáin, Co. na Gaillimhe, 10 Meán Fómhair, 2016

A dhaoine córa,
Is cúis mhór áthais agus onóra dom a bheith anseo inniu in bhur measc ag Comórtas Peile na nOileán 2016.  Ba mhaith liom ach go háirithe, buíochas ó chroí a ghlacadh le baill den Choiste as ucht cuireadh a thabhairt dom teacht go hInis Meáin chun a bheith páirteach libh san ócáid seo.  Agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil do gach duine atá baillithe anseo as ucht an fháilte mhór a d'fhear sibh romham.  

 

Cé go dtuigim go maith gur oileán lán-Ghaelach í Inis Meáin, agus togha na Gaeilge le cloisteáil ann, tuigim chomh maith go bhfuil cuairteoirí sa chomhluadar nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Mar sin, munar mhiste libh, tá me chun beagán den dá theanga a labhairt inniu.

 

I am particularly pleased to have been able to come to be with you today for what I believe to be an important gathering of representative teams from our offshore island communities. The importance of the event goes far beyond the football that will be played, the points and goals that will be scored, the lively discourse that will surely follow on from controversial decisions.  It is a valuable opportunity for island people to come together, not only to play football and to socialise but also to create opportunities for islanders to exchange views and ideas on how to improve island life.  
 

Tuigim gur thosaigh an Comórtas Peile do na hOileáin go hoifigiúil sa bhliain 1998 agus is léir go bhfuil sé ag dul ó neart go neart ó shin.  Tá sé soiléar go mbíonn meitheal ag teastáil chun a bheith taobh thiar d’eagrú ócáidí mar seo i gcónaí – daoine nach bhféadfaí a leithéid d’ócáid a chur ar bun gan a saothar.  Cuireadh in iúl dom go bhfuil coiste dheonach taobh thiar den chomórtas agus go bhfuil sár-obair á dhéanamh ag Páraic, Simon agus Mickey chun an seó a choinneáil ar an mbóthar bliain i ndiaidh bliana.  

 

I wish to commend the committee for their work in organising this occasion and also all the volunteers who give of their time to ensure that a successful tournament can take place.  This year’s tournament is taking place i gcroílár na Gaeltachta anseo ar Inis Meáin and for all of us I believe it to be an occasion to view the coming together of those grounding values that have always been invoked as the core of our Irishness – our language, the island lives lived on offshore islands with their particular heritage and culture, and our native games.  Gan dabht, tá áit lárnach ag an gCumann Lúthchleas Gael inár sochaí agus is breá an rud é gur féidir a thionchar a fheiceáil anseo inniu ar Inis Meáin.  
 

Neartaíonn ócáidí mar seo spiorad an phobail agus taispeánann siad an bheocht atá i ngach pobal ar fud na tíre – idir phobail mhóra is bhig.  Táim cinnte de go bhfuil sceitimíní ar na foirne agus ar an lucht leanúna atá bailithe anseo.  Cé go gcaitheann foirne na n-oileán éagsúla dathanna éagsúla, roinneann siad an spiorad agus an dearcadh céanna – an spiorad a bhfuil mé ag tagairt de.  Tá na míosa de thraenáil agus ullmhú curtha isteach ag na foirne agus beidh gach foireann ag déanamh a ndícheall chun an comórtas a bhuachan dá n-oileán féin.
 

This tournament is held on a different island each year and this presents an opportunity for each host island to stamp its own uniqueness on the occasion.  I know that the community on Inis Meáin will host a great tournament and as has been the case since its inception, a memorable occasion will take place.  Again, I want to state that I am most pleased that I was able to take up your kind invitation to view for myself this unique occasion.  

 

I want to wish all the participating teams well and hope that each of you will take away memories that will remain with you throughout your life.  Arís, táim fíor-bhuíoch as ucht an cuireadh a thug sibh dom chun freastal ar an ócáid seo agus as ucht na fíorchaoin fáilte a d'fhear sibh romham féin agus roimh mo bhean céile.  Guím gach rath ar na foirne atá ag glacadh páirt agus tá súil agam go dtabharfaidh  sibh ar fad cuimhní iontacha libh ón ócáid atá ar siúl anseo an dá la seo.
 

Go raibh míle maith agaibh go léir.  

CRÍOCH