Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA CUAIRT AR ÁRAS CHRÓNÁIN

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA CUAIRT AR ÁRAS CHRÓNÁIN DÉ LUAIN, 17 AIBREÁN, 2000

A Mhuintir Chrónáin agus a chairde na Gaeilge,

Tá lúcháir orm bheith i bhur measc inniu, agus tá mé buíoch díbh as an chuireadh. Blianta fada ó shin thug muintir na háite seo cuireadh d’Ultach eile teacht agus labhairt libh. Seanchara liom féin a bhí ann, an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, nach maireann, nó an t-Athair Tomás mar a bhí air ag an am, ollamh le stair in Ollscoil Mhágh Nuad. Rinne sé tagairt don chloigtheach ársa álainn atá mar shiombal de Chluain Dolcáin. Mheabhraigh sé daoibh gur cainteoirí Gaeilge a bhí in Naomh Crónán agus a chuid manach a thóg an túr agus an mhainistir anseo, agus gur Gaeilge a bhí le cluinstin thart faoin chloigtheach le breis agus míle bliain. Thug an Cairdinéal bhur ndúshlán an oíche sin sa bhliain míle naoi gcéad seasca trí: ‘bíodh an Ghaeilge le cluinstin ag an chloigtheach arís’.

Anois i mbliain seo na Mílaoise, cuireann sé áthas mór ar mo chroí bheith ábalta comhghairdeachas a dhéanamh libh. Ghlac sibh le dúshlán an Chairdinéil. Chuir sibh romhaibh pobal Gaelach a bheith beo beathach arís i nDúiche Chrónáin, agus rinne sibh beart de réir bhur mbriathair. In achar gearr, níos lú ná scór go leith bliain, tá liosta fada de mhór-éachtaí déanta ag Muintir Chrónáin. Tá trí bhunscoil lán-Ghaeilge agaibh: Scoil Chrónáin, Gaelscoil Chluain Dolcáin agus Gaelscoil na Camóige, maille le naíonraí i Ráth Cúl agus i gCluain Dolcáin. Tá Coláiste Chillian ar an fhód agaibh ón bhliain míle naoi gcéad ochtó haon, chun freastal ar an dara leibhéal. Cén uair a bheas an chéad ollscoil lán-Ghaeilge in Éirinn á hoscailt agaibh? Agus an bhfaighidh mé cuireadh leis an oscailt a dhéanamh?

Tá clú agus cáil ar fud na hÉireann ar Mhuintir Chrónáin. Tá príomh-dhuais Ghlór na nGael bainte trí huaire agaibh agus tháinig Oireachtas na Gaeilge go Cluain Dolcáin sa bhliain nócha haon. Is beag atá fágtha agaibh le baint nó le cruthú. Ní amháin go bhfuil na rudaí cearta déanta agaibh chun pobal Gaeilge a chothú agus a chaomhnú, ach tá siad déanta agaibh san ord cheart: thug sibh aire don oideachas ar dtús sular ghlac sibh seilbh ar an fhoirgneamh álainn seo i gcroí-lár shráidbhaile Chluain Dolcáin, áras álainn ar thrí acra de thalamh, atá anois ina ionad cultúrtha, agus níos mó.

Deich mbliana ó shin a cheannaigh Muintir Chrónáin an teach seo, Teach an Úlloird. Le breis agus míle dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge sa cheantar bhí áit de dhíth go dtiocfadh na tuismitheoirí agus na clanna le chéile mar phobal Gaelach chun scíste a ghlacadh, chun cruinnithe a bheith acu agus chun ranganna a thionól, ranganna sa Ghaeilge, sa cheol, san amhránaíocht, sa rince agus mar sin. Bail ó Dhia ar na díograiseoirí dílse a chuaigh i mbun an áit a cheannach, a chur in oiriúint agus a réiteach amach fá choinne na n-imeachtaí seo ar fad. Tá an áit go hálainn anois agaibh.

Tréaslaím bhur ngaisce libh, a Mhuintir Chrónáin. Tréaslaím bhur bhfad-radharc, bhur bhfuinneamh, bhur ndúthracht agus bhur ndílseacht libh i ngach a bhfuil déanta agaibh ar son na teanga agus an chultúir. Mar a dúirt mé ar ball tá clú agus cáil ar fud na hÉireann oraibh, agus is gearr anois go mbeidh clú domhanda oraibh. Iarradh orm suíomh úr Áras Chrónáin ar an idirlíon a sheoladh, nó a láinseáil inniu, agus is le fonn a dhéanfaidh mé amhlaidh. Sílim go bhfuil an téarma sin ‘láinseáil’ fóirstineach don ócáid seo, mar nach bhfuil bád mór, an ‘Naomh Crónán’ tógtha agus curtha chun farraige agaibh chomh maith? Tógtha le grá don teanga agus don dúchas! Is iontach na daoine sibh. Bhí mé ag smaoineamh ar an dán sin a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín trí chéad bliain ó shin: ‘Beannaigh an Bárc’. Guíonn sé a bheannacht ar an bhád, ar na daoine a thóg é agus ar gach a mbeidh ariamh istigh ann, ar na farraigí ar fud na cruinne ar a seolfaidh sé agus ar na cuanta a scaoiltear téad iontu. Guím an beannacht céanna ar www.araschronain.com, ar an ‘Naomh Crónán’a bheas ag triall ar Breste na Briotáine i gceann cúpla mí agus ar Mhuintir uasal Chrónáin uilig:

Beannaigh an bárc bláthshnoite, béalchumtha,

Beannaigh an áirc árrachtach éis-iomaí,

Beannaigh an sál shnáimhfeas, a Dhé Dhúilimh,

Is gach calaithe, an tráth thráchtfas, i

bhféith-chiúine.

 

Guím sonas agus séan oraibh féin, a chairde, agus rath agus raidhse ar bhur gcuid obire. Go raibh míle maith agaibh.