Media Library

Speeches

NÓTAÍ LABHARTHA DON UACHTARÁN COMHDHÁIL FAOI DUL IN AOIS AGUS DAOINE SCOTHAOSTA 10 BEALTAINE, 1996

NÓTAÍ LABHARTHA DON UACHTARÁN COMHDHÁIL FAOI DUL IN AOIS AGUS DAOINE SCOTHAOSTA 10 BEALTAINE, 1996

Tugann sé pléisiúr mór domsa labhairt ag an gcomhdháil seo. Ba mhaith liom go háirithe tréaslú le Age Action Ireland agus le Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, faoin bhfóram tábhachtach seo a eagrú; agus le Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta a thug tacaíocht dó. Is féidir saibhreas an phobail a mheas ón ómós a tugthar do dhaoine aosta.

- Nuair atá seirbhísí do dhaoine aosta á gcur ar fáil ní foláir é sin a dhéanamh ar shlí a thugann deis dóibh saol chomh gníomhach agus chomh fónta agus is féidir a chaiteamh.

- Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh íomhá dearfach de dhaoine aosta sa tsochaí. Is fóram tábhachtach í an chomhdháil seo a mbeidh tionchar aice ar an gcaoi a mbreathnaítear orthu.

- Tá go leor le tairiscint ag daoine aosta ó mhéid a dtaithí ar saol agus óna bhfuil bainte amach acu le blianta fada. Nuair a ghlacann daoine aosta páirt i réimse fairsing gniomhaíochtaí, go háirithe sna heagraíochtaí deonacha, cothaíonn sé sin íomhá dearfach.

- Fáiltím go háirithe roimh an gcaoi a bhfuil an Chomhdháil seo dírithe go speisialta ar dhaoine aosta sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfaidh sé sin deis do chuile dhuine atá ag plé le seirbhísí sna Gaeltachtaí tuairimí a mhalartú. Fearaim fáilte ar leith roimh na hionadaithe ón mBreatain Bheag.

- Guim gach rath oraibh agus na cúrsaí seo á bplé agaibh.