NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SEOLADH FAISNÉISE FAOI SHEACHTAIN NA GAEILGE 2003 HALLA NA CATHRACH
NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SEOLADH FAISNÉISE FAOI SHEACHTAIN NA GAEILGE 2003 HALLA NA CATHRACH, BAILE ÁTHA CLIATH
A chairde,
Tá lúcháir mhór orm bheith anseo libh inniu chun an leabhrán faisnéise faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a sheoladh. Tá áthas ar leith orm go bhfuil mé ábalta bheith libh mar is é seo mo chéad ócáid oifigiúil taobh amuigh d’Áras an Uachtaráin ó tharla an timpiste dom um Nollaig, agus ní raibh mé ag iarraidh é a chailleadh. Tá mé ar ais ar mo dhá chois féin, beagnach ar mo sheanléim arís mar a fheiceann sibh, buíochas le Dia.
Tá cuimhneachán speisialta á cheiliúradh againn i mbliana. Ar an seachtú lá déag de mhí na Márta, míle naoi gcéad agus a trí - céad bliain ó shin go díreach - bhí Lá ’le Pádraig ina lá saoire oifigiúil in Éirinn den chéad uair. Fiú ag an am sin bhí Seachtain na Gaeilge ann, nó bunaíodh é an bhliain roimhe sin.
Ag an am sin, tús an chéid seo caite, bhí muintir na hÉireann ag tabhairt cúil leis an teanga go tréan, agus murach bunú Chonradh na Gaeilge tá sé chóir a bheith cinnte nach mbeadh an teanga fós beo in Éirinn inniu.
Tá i bhfad níos mó i gceist le teanga pobail ná díreach modh cumasáide, nó múnlaíonn sé ár ndearcadh ar an saol. Ní thuigeann lucht cáinte na Gaeilge an saibhreas cultúrtha atá siad ag iarraidh a cheilt ar na glúnta atá fós le teacht. Ní thuigeann siad an tionchar atá ag an teanga ar an saol thart orthu: ar an cheol agus ar an litríocht go háirithe, fiú ar litríocht an Bhéarla agus ar an Bhéarla a labhraíonn siad féin gach lá.
Nuair a bhíonn pobal scoite amach óna dhúchas is pobal é a bhíonn trí chéile go hintleachtúil. Breis agus céad bliain ó shin dúirt Dúbhglas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann agus céad Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh muintir na hÉireann i gcás idir dhá chomhairle maidir lena bhféiniúlacht náisiúnta: ‘The Irish people have ceased to be Irish without becoming English.’ Thug sé orthu ‘a nation of imitators… lost to the power of native initiative and alive only to second-hand assimilation.’ Bhí an dá ráiteas sin searbh ag an am sin ach sin mar a bhíonn an fhírinne in amanna. Níl se fior anois silim.
Tá saineolaithe ar fud an domhain, sa lá atá inniu ann, ar aon tuairim le Dúbhglas de hÍde agus le bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge sna smaointe a chuir siad chun cinn maidir le tábhacht na teanga don sláinte náisiúnta. An méid atá le rá ag Aontas na hEorpa agus ag Na Náisiúin Aontaithe faoi thábhacht teangacha pobail, tá sé ar aon bhuille leo fosta. Ní mhaireann cultúr gan a theanga féin. Má bhaintear planda óna phréamh faigheann sé bás. Is í an teanga náisiúnta a thugann anam, brí agus fuinneamh do phobal agus a nascann an pobal sin le chéile.
Labhraíonn i bhfad níos mó daoine Gaeilge sa lá atá inniu ann ná mar a labhair roimh bhunú Chonradh na Gaeilge, agus tá meas úr againn orainn féin mar phobal dá bharr. Ní gá ach smaoineamh ar an ráchairt atá ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, mar shampla. Is pobal muid atá ábalta glacadh le hathruithe móra, atá compórdach le claochlú, mar is léir ón chrut úr atá tagtha ar an saol thart orainn le deich mbliana anuas. Ach tá athrú mór amháin a thiocfadh linn a dhéanamh mar phobal: is é sin teanga na Gaeilge a shníomh isteach níos mó inár saol. Is féidir é a dhéanamh. Tá gluaiseacht na Gaelscolaíochta mar fhianaise os comhair an tsaoil go bhfuil an fuinneamh, an cur chuige agus an dea-thoil ann leis an bheart a chur i gcrích.
Ardaítear mo chroí go minic, agus mé ar mo chuid cuairteanna thar lear, nuair a chluinim daoine ag labhairt Gaeilge i dtíortha i bhfad i gcéin. Bíonn siad bródúil as an teanga, bródúil as an cheangal a chruthaíonn an teanga idir iad agus tír na hÉireann, agus bródúil as a bheith ábalta í a labhairt, fiú mura mbíonn acu, in amanna, ach an cúpla focal. Aghaidh Éireannach, Eorpach, idirnáisiúnta, neamhspleách, oscailte: sin an aghaidh a bhíonn muid ag iarraidh a léiriú sa domhan úr seo. Níl dabht ar bith faoi ach go gcuidíonn an Ghaeilge go mór linn san iarracht sin.
Tugann Seachtain na Gaeilge deis iontach dúinn a bheith páirteach in obair thábhachtach ghluaisceacht na Gaeilge trí imeachtaí spéisiúla de gach sórt. Tá muid fíor-bhuíoch de Chonradh na Gaeilge as tús a chur le Seachtain na Gaeilge, as é a chaomhnú thar na blianta, agus as é a fhorbairt mar Fhéile Náisiúnta do phobal na hÉireann sa bhaile agus thar sáile.
Iarrtar orainn, i rith na seachtaine speisialta seo, níos mó Gaeilge a úsáid. Má’s féidir sin a dhéanamh ar feadh seachtaine nach fiú é a dhéanamh i rith na bliana ar fad. Is faoi gach uile dhuine againn é an teanga seo againne a chur chun cinn. Ach mar thús, bainimis spraoi agus spórt agus tairbhe as Seachtain na Gaeilge. Mar a deir an manna: ‘Croí na Teanga – It’s You!’
Go raibh míle maith agaibh.
