Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SEOLADH ‘CRUTH NA TÍRE’ FORAS NA GAEILGE, 7 MERRION SQUARE, DUBLIN 2

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SEOLADH ‘CRUTH NA TÍRE’ FORAS NA GAEILGE, 7 MERRION SQUARE, DUBLIN 2, DÉ MÁIRT, 17 FEABHRA, 2004

A chairde,

Tá lúcháir ar leith orm bheith anseo libh inniu in Oifigí Fhoras na Gaeilge leis an saothar tábhachtach seo, ‘Cruth na Tíre’ a sheoladh go hoifigiúil.  Tá mé buíoch den Dochtúir Máire Ní Annracháin as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad, agus an Dochtúir Wilson McLeod as Ollscoil Dhún Éideann, eagarthóirí an leabhair, a thug cuireadh dom mo bheannacht a chur leis an scríbhinn.  Ag tús an fhómhair seo caite thug mé cuairt ar an Eilean Sgitheanach, áit ar thug mé léacht i Sabhal Mòr Ostaig.  Sula ndeachaigh mé ar an turas sin fuair mé litir ó Phádraig Ó Snodaigh inar inis sé domh faoin leabhar seo agus faoin cheangal atá ag Sabhal Mòr Ostaig leis an saothar.  Ní hamháin go raibh Wilson ina léachtóir ann tráth, ach d’eascair an leabhar seo as comhdháil a tháinig le chéile ann sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a naoi.

Tá gnéithe de dhisiplíní éagsúla le sonrú ar an saothar seo.  Tá aistí ann ó phinn saineolaithe sa teangeolaíocht, sa bhéaloideas, sa tsocheolaíocht agus sa chairteolaíocht.  Is saibhre go mór an saothar iad a bheith ann.  Díríonn an leabhar ar ábhar atá bunúsach i gcultúr na Gaeilge­­­: dreach na tíre agus an bhrí a bhí aige sin sa tsamhlaíocht Ghaelach.  Riamh anall, in Éirinn agus in Albain, bhí an gaol idir an Ghaeilge agus an talamh ina dhúshraith den saol polaitiúil agus sóisialta.

Tá leath an leabhair scríofa i nGaeilge na hÉireann agus an leath eile i nGaeilge na hAlban, agus idir theanga agus ábhar, is suntasaí na cosúlachtaí ná na contrárthachtaí.  Tríd an dá Ghaeilge a nascadh le chéile mar aonad amháin, féachann an leabhar le teorainn an ‘Ghaelachais’ a shíneadh amach go dtí an suíomh a ghlac sé san am fadó.  Ní féidir an Gaelachas a thuigbheáil ina iomláine taobh istigh de theorainneacha aon tíre amháin nó taobh istigh de chreideamh eaglasta amháin nó dearcadh polaitiúil amháin.  Ní an rian céanna a d’fhág an Reifirméisean, Ré an tSoilsithe agus Impireacht na Breataine ar an Ghaelachas in Éirinn agus in Albain.  Is difríochtaí iad seo nach miste dúinn a aithint agus a fhaomhadh mar ghnéithe luachmhara dár gcomh-oidhreacht ársa scópúil.

Tá cúis ar leith agam féin soiscéal seo an aon Ghaeilge amháin a chraobhscaoileadh.  Nuair a tháinig muintir mo mháthar go Béal Feirste ar dtús, sa bhliain míle naoi gcéad tríocha is a seacht, chuir siad fúthu i sráid bheag in Ard Eoin, i dTuaisceart na cathrach.  Páirc Dhún Éideann a bhí ar an tsráid sin – ainm breá Albanach, sa chiall is leithne .  An samhradh seo caite, bhog teaghlach s’againne isteach sa teach úr a thóg muid ar bhruach locha i gContae Ros Comáin, fá bhúir asail den áit ar rugadh m’athair.  Cén t-ainm atá ar an loch?  Loch Éideann!  Idir Dún Éideann agus Loch Éideann tá mé snaidhmithe ag Gaeilge na hAlban ar an dá thaobh.  Cén seans atá agam?

Is tráthúil an aiste atá ag Lillis Ó Laoire sa leabhar, ina gcuireann sé síos ar dhá amhrán agus ar na háiteanna a dtáinig na hamhráin sin astu: Sliabh Liag agus Cill Aodáin – áit amháin ar sheas mé ar a mullach fá dhraíocht ag áilleacht sléibhe agus farraige, agus áit eile atá ceangailte go dlúth i meon gach Gaeil leis an am seo bliana:

‘Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul ’un síneadh

 Is tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol;

 Ó chuir mé ’mo cheann é ní stopfaidh mé choíche

 Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.’

Tá draíocht sna focail, sna logainmneacha agus sna háiteanna féin. 

Bhail, tá sé anois tar éis na Féile Bríde, agus sula n-ardóidh mise mo sheol ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Pádraig Ó Snodaigh agus Coiscéim, agus go háirithe le Máire Ní Annracháin agus Wilson McLeod, as seod de leabhar a chur ar fáil dúinn.  Ar nós aon teanga agus aon chultúr eile a chaith míle bliain faoi bhrú, tá cneasú fós le déanamh ag an Ghaeilge agus ag an Ghaelachas.  Tá cuid den leigheas sin le fáil i dtobar an traidisiúin, ach é a lorg.  Molann Cathal Ó Searcaigh dúinn gan tobar an fhíoruisce a ligean i ndíchuimhne:

    ‘Aimsigh do thobar féin, a chroí,

    óir tá am an anáis romhainn amach:

    Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.’

Téann an leabhar seo amach ag tóraíocht na bhfoinsí sin, agus tagann sé ar rian na samhlaíochta sa dá Ghaeilge in éineacht, samhlaíocht atá álainn, cruthaitheach agus torthúil. 

Molaim sibh, a scríbhneoirí, a eagarthóirí agus a fhoilsitheoir, agus guím gach rath ar ‘Cruth na Tíre’.

Go raibh maith agaibh.