Media Library

Speeches

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN BRONNADH GHRADAIM GHLÓR NA NGAEL LUAN, 31 MÁRTA, 2003

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN BRONNADH GHRADAIM GHLÓR NA NGAEL LUAN, 31 MÁRTA, 2003

A chairde,

Tá lúcháir orm bheith anseo libh inniu chun Duaiseanna Ghlór na nGael dhá mhíle is a dó a bhronnadh. Is ócáid stairiúil í seo nó, den chéad uair riamh, is i gCaisleán Bhaile Átha Cliath atá muid. Sílim go gcuidíonn an láthair ársa mhaorga seo le haitheantas ceart a thabhairt do thábhacht na hócáide agus do thábhacht an chomórtais seo i saol cultúrtha na hÉireann.

Is iomaí nasc atá agam féin leis an chomórtas agus is cúis bhróid dom í gach aon cheann acu. Thiar sa bhliain míle naoi gcéad seasca is a haon bhí seanchara liom, an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, ina measc siúd de chuid Chumann na Sagart a bhunaigh Glór na nGael. Bhí Cearbhall Ó Dálaigh, a bhí ina phríomh-bhreitheamh ag an am, ina chathaoirleach ar an chéad bhord moltóireachta. Bhí an t-Uachtarán Éamon de Valera ina chéad chomh-phátrún ar an chomórtas agus is mór an onóir dom go bhfuil mé féin anois i mo chomharba aige mar phátrún ar Ghlór na nGael.

Tá an focal ‘pobal’ de dhlúth agus d’inneach gach a mbaineann le Glór na nGael: comórtas pobal-bhunaithe atá ann chun achmhainní agus sóchmhainní pobail a fhorbairt. ‘Tóg do phobal le nasc na Gaeilge’ atá mar mhana agaibh. Tá na coincheapanna ‘meitheal’, ‘idirspleáchas’ agus ‘comhurraim’ chun tosaigh mar thréithe an chomórtais, agus is maith ann iad. Tá cur chun cinn na teanga ag brath ar thoil an phobail mar is leis an phobal an teanga. Tá an dá rud doscartha.

Deirtear liom gur gairid go mbeidh an céadú coiste cláraithe agaibh. Nach breá an tuar é sin do thodhchaí na Gaeilge agus nach breá an teistiméireacht í daoibhse, a bhaill an Choiste Stiúrtha agus a bhaill na gcoistí ar fud na tíre a oibríonn go deonach ar leas na Gaeilge agus ar leas na hÉireann. Tá an tír faoi chomaoin agaibh.

Bíonn iomaíocht ghéar sa chomórtas seo gach bliain, agus ní gan dua a bhaintear na duaiseanna. Maithfidh sibh dom é má dhéanaim tagairt ar leith do choiste amháin atá i láthair anseo: Coiste Cultúrtha Mhic Reachtain as Tuaisceart Bhéal Feirste, gar don áit ar rugadh mé féin. Is mór an trua nach raibh sibh ann agus mise i mo ghirseach in Ard Eoin. Seans go mbeadh an Ghaeilge agam i bhfad roimhe seo agus nach mbeadh cúig bliana de m’Uachtaránacht caite agam ag streachailt leis an diabhal Tuiseal Ginideach!

Comhghairdeas libh agus leis na coistí ar fad a bhfuil duaiseanna bainte agaibh. Tá gaisce déanta agaibh. Is mór an méid atá ar siúl agaibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tréaslaím libh bhur bhfís, bhur ndúthracht, bhur ndílseacht agus bhur mbua. Go maire sibh bhur ngradaim.

Ag Dia amháin atá a fhios - seachas Lorcán - cé a bhain cén duais, ach má thig libh fanacht gan anáil a scaoileadh ar feadh bomaite nó dhó eile, deirtear liom go bhfaighimid amach.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, agus do bhaill an Choiste Stiúrtha: Helen Ó Murchú, Pádraig Mac Donncha, Tomás Mac Ruairí, an tAthair Pádraig Ó Coigligh agus, go speisialta an Canónach Tadhg Ó Móráin a bhí ar dhuine de na céad mholtóirí nuair a thosaigh Glór na nGael an chéad lá riamh. Guím rath agus séan oraibh féin agus ar obair Ghlór na nGael ar fud na tíre.

Go raibh maith agaibh.