Aitheasc ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradam an Uachtaráin ó Chonradh na Gaeilge
Galway Bay Hotel, 26 Feabhra, 2022
Is onóir agus pribhléid ar leith dom glacadh le Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge a bhronntar as fís agus fealsúnacht mo réamhtheachtaí mar Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde a chur chun cinn. Cuimhnítear ar Dhubhghlas de hÍde mar Uachtarán a rinne ionadaíocht ar son a thíre le dínit agus faoi chroí mór. Cuimhnítear freisin air, ar ndóigh, as a phaisean spreagúil i leith na Gaeilge - paisean a mbeadh bunú Chonradh na Gaeilge ina thoradh air agus a raibh sé ina Uachtarán air ó 1893 go 1915.
Tá áthas ar leith orm glacadh leis an ngradam sa bhliain inar baineadh amach cothroime iomlán don Ghaeilge le trí theanga oifigiúla is fiche an Aontais Eorpaigh.Is ócáid thábhachtach é dóibh go léir a d'oibrigh chun go dtógfadh ár dteanga dhúchais á áit chuí le teangacha eile na hEorpa. Cé gur ábhar mórtais agus tábhachta an stádas idirnáisiúnta, ní laghdaíonn sé in aon chaoi na dúshláin shuntasacha atá roimh ár dteanga dhúchais anseo sa bhaile.
Is é mo thuairimse go bhfuil dhá dhúshlán ar leith ann atá fite fuaite agus is féidir iad a aithint go héasca - maireachtáil na Gaeilge mar theanga bheo phobail inár gceantair Ghaeltachta agus úsáid na Gaeilge go ginearálta ar fud na tíre, ní mar chomhartha nó mar shiombail chultúrtha deasghnách ach mar theanga fheidhmiúil roghnaithe, fréamhaithe inár stair agus ina cuid thábhachtach dár dtodhchaí.
Tá an dá dhúshlán sin ceangailte go dlúth le chéile - ní mhairfidh an teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura dtugtar spás sainaitheanta di i saol ár náisiúin go ginearálta. Ag an am céanna ní féidir dáimh a bheith ag daoine léi ar fud an náisiúin mura bhfuil pobail ann ina labhraítear í mar theanga bheo an ghnáthshaoil.
Deirim an méid seo le muintir na Gaeltachta - chinntigh sibh gur mhair ár dteanga bheo i sraith leanúnach gan bhriseadh trí na glúnta agus impím oraibh gan aon bhriseadh sa seachadadh idirghlúine sin a cheadú anois. Seo é an dúshlán atá romhaibh an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile leis an líofacht agus chomh deisbhéalach céanna agus a fuair sibh féin í anuas trí stair na gcéadta bliain. Dá dtarlódh sé, ar chúis éigin, go dteipfeadh ar sheachadadh an teanga bheo go dtí an chéad ghlúin eile, ba scrios cultúrtha a bheadh ann i gcroí ár náisiúin a dhéanadh dochar as cuimse doshamhlaithe.
Ní mhaireann pobail na Gaeltachta i bhfolús agus, dá réir sin, tá an dara gné den chothromóid fhíorthábhachtach chomh maith - cinntiú go n-úsáidtear an Ghaeilge, go bhfuil meas uirthi, agus go léirítear ómós di i ngach gné de shaol an náisiúin, i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, i ranna Rialtais agus i ngníomhaireachtaí stáit, sa saol tráchtála agus sóisialta, sa spórt agus sa tsiamsaíocht, sna healaíona, sa teicneolaíocht agus sna meáin nua.
Tá os cionn deich mbliana caite ó sheol an Rialtas straitéis fiche bliain a bhí dírithe ar shochaí dhátheangach a fhorbairt, sochaí a mbeadh an oiread daoine agus ab fhéidir ábalta úsáid a bhaint as an mBéarla agus as an Ghaeilge leis an éascaíocht chéanna agus gan stró ar bith. Tá dhá bhliain déag caite ar an mbóthar sin agus tá turas nach beag le déanamh fós má táimid chun an fhís sin a fhíorú.
Inniu, faraor, tá an baol ann go ndéanfar an teanga a imeallú go buan, an 'cúpla focal' mar chomhartha shiombalach don am atá caite, ach go mbeidh gnó an stáit agus na seirbhísí poiblí a mbaineann gach saoránach leas astu á riar beagnach go hiomlán trí Bhéarla.
Ag deireadh na bliana seo caite chuir mé Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 faoi mo lámh; neartaíonn sé Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sé mar aidhm aige caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do shaoránaigh a bhíonn ag iarraidh a ngnó a dhéanamh, nó leas a bhaint as seirbhísí an Stáit, trí mheán na Gaeilge, a fheabhsú.
Ar a lán slite, is é achtú na reachtaíochta an chuid éasca - cé gur pléadh líon suntasach leasuithe i ndíospóireachtaí a mhair cúig huaire is fiche thar thréimhse míonna sa chás sin. Is é an gnó is deacra anois cinntiú go gcuirtear forálacha na reachtaíochta sin i bhfeidhm go dílis agus go hiomlán. Titeann an fhreagracht sin go príomha ar bhainisteoirí sinsearacha agus ar cheannairí eile sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Tá muinín agam go mbeidh siad inchurtha leis an dúshlán. Glactar leis gur ón mbarr anuas a dhéantar stiúradh ar chultúr oibre, ar thosaíochtaí agus ar an éiteas i mbeagnach gach eagraíocht. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go rachaidís siúd a bhfuil freagracht orthu i ngleic leis an reachtaíocht nua, agus go gcinnteoidh siad go cruinn agus go daingean an tslí is fearr le líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú i ranna agus i ngníomhaireachtaí Rialtais, go ndéanfar úsáid na Gaeilge a éascú do dhuine ar bith arb í a rogha teanga í agus go gcuirfear an teanga i gceartlár agus i gcroílár an tsaoil phoiblí.
Chuige sin, tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt do chead iomlán cainteoirí Gaeilge déileáil lenár seirbhísí poiblí trí mheán na chéad teanga. Maidir lena mhalairt, glacadh le meon i leith cearta teanga mar ghéilleadh, mar ghar, mar rud breise roghnach seachas mar cheart bunúsach, is droch-slí a bheadh ann. Níl sé sách maith go dtabharfaimis béalghrá dár dteanga dhúchais agus gan spás ar bith feiceálach ar éigean á thabhairt di inár sochaí, agus í á ligean le sruth sa chaoi a bhfuil sí rangaithe ag UNESCO mar theanga atá 'i mbaol go cinnte'.
Tá sé tábhachtach go ndéanfaí foinse dár dteanga Ghaelach, dár gceol, dár litríocht, dár dtobar domhain staire, cultúir agus oidhreachta - foinse as a dtarraingímid mórtas mór agus a dtuigimid gur bealach isteach suntasach atá inti le tuiscint a fháil ar a bhfuil imithe romhainn.
I bhfocail Dhubhghlas de hÍde:
"If we allow one of the finest and the richest languages in Europe, which, fifty years ago, was spoken by nearly four millions of Irishmen, to die out without a struggle, it will be an everlasting disgrace.”
Ní hamháin duairceas is díomá atá ann mar sin féin. Tá comharthaí dóchais ann, ar ndóigh. Tá bonneagar suntasach curtha in áit lena chinntiú nach cosaint na Gaeilge amháin atá i gceist, ach cur chun cinn gníomhach na teanga ar leibhéil éagsúla chomh maith.
Beidh 50 bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag Raidió na Gaeltachta ar Dhomhnach Cásca na bliana seo, a iubhaile órga, cloch mhíle thábhachtach.D'fhás sé as éileamh an phobail ar a sheirbhís raidió féin go stáisiún a chraolann ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae anois ar fud na tíre agus atá ar fáil ar fud an domhain ar an idirlíon.
Rinne TG4 ceiliúradh ar 25 bliain a bhunaithe roinnt míonna ó shin, seirbhís a bunaíodh nuair a bhí mise i m'Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Tá sé cruthaithe gur gné thábhachtach i normalú ár dteanga atá ann. Ní hamháin go raibh ról tábhachtach aige i bhforbairt agus i bhfás drámaíocht na Gaeilge, ach thug sé ár dteanga dhúchais isteach inár dteaghlaigh agus i saol ár gclann agus inár n-amanna agus ár n-áiteanna saora, agus as sin amach sa ghnáthphobal, rud a chruthaigh spás lárnach agus bríomhar dár dteanga dhúchais.
Tá comharthaí eile ann ar tuar dóchais iad don teanga - na healaíona cruthaitheacha agus an saibhreas filíochta, úrscéalta agus gearrscéalta Gaeilge ag teacht ó ghlúin nua scríbhneoirí éirimiúla, tá 80 bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag an iris litríochta Comhar agus rath na n-imeachtaí ar nós Seachtain na Gaeilge.
Tá fíorthábhacht ag baint le saothar Údarás na Gaeltachta, go háirithe i gcruthú post agus, le gairid, sa phleanáil teanga. Tá sé ríthábhachtach go leanaimid ag obair agus ag forbairt straitéisí nua chun ár gceantair Ghaeltachta a chaomhnú agus a fhorbairt, iad a n-aithint mar acmhainn thábhachtach nár mhór a choimeád beo le soláthar jabanna fiúntacha, tithíocht chuí agus bonneagar a theastaíonn lena chinntiú gur féidir lenár bpobail Ghaeltachta rathú.
Inniu, tá níos mó agus níos mó dár bpáistí á múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá na Gaelscoileanna ar an aicme bhunscolaíochta in Éirinn is mó fás agus meastar go bhfuil páiste amháin bunscoile as gach uile dhá pháiste dhéag á dteagasc tríd an teanga dhúchais a shainigh ár dtír, ár muintir agus ár gcultúr. Is léiriú atá ansin de líon suntasach tuismitheoirí óga atá tiomanta do thodhchaí na Gaeilge.
Léiríonn sé, chomh maith, toil an-dáiríre chun ár dteanga náisiúnta a athghabháil; teanga a raibh a dhíghrádú chomh greanta sin in aigne ár náisiúin thar na céadta bliain faoi smacht forghabhála na Breataine. Tógadh glúin i ndiaidh glúin le hoidhreacht an díghrádú daingnithe sin óna seantuismitheoirí agus óna sin-seantuismitheoirí. Bhí sé i gceist gur theanga na bochtaineachta agus foinse náire a bhí sa Ghaeilge do na glúnta sin, mar a dúirt Dubhghlas de hÍde ina fhocail féin:
“Irish had become a source of shame that made young men and women blush and hang their heads when overheard speaking their own language.”
Is de bharr na físe cheannródaíche a bhí ag de hÍde agus a chomhghleacaithe chomh maith le hobair agus tiomantas flaithiúil Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Ghaeilge fós ina cuid beo dár n-oidhreacht shaibhir. Is údar misnigh dúinn an rath beag atá san athbheochan atá tarlaithe le blianta beaga anuas. Ach tá bóthar fada romhainn fós, agus ní féidir é sin a shéanadh, sula mbeidh an Ghaeilge ina teanga níos coitinne inár dteaghlaigh agus inár spásanna poiblí, fiú nach dócha gur teanga an ghnáthshaoil a bheidh inti.
Is údar mór dóchais é gur thaispeáin suirbhé i ndiaidh suirbhé le blianta beaga anuas go bhfuil tacaíocht á tabhairt ag formhór an phobail do chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge. Maidir le roinnt daoine, b'fhéidir gur 'tacaíocht lag' atá ann, tuiscint go bhfuil sé tábhachtach go mairfidh ár dteanga dhúchais, agus daoine eile gur cuid riachtanach dár mbeatha atá ann, cé muid féin mar náisiún agus mar mhuintir.
Chomh maith leis sin, tá a fhios againn go bhfuil os cionn milliún duine ar fud an domhain ag foghlaim Gaeilge ar aipeanna ar líne, cuid mhaith díobh ina mbaill den phobal domhanda Éireannach agus iad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le cultúr a sinsir a d'fhág ár dtír ar thóir todhchaí níos fearr. Is cúis sásaimh, freisin, go bhfuil cuid mhaith daoine anseo in Éirinn nach náisiúnaigh de chuid na tíre iad agus saoránaigh nua na hÉireann ag tapú na deise teanga dhúchais na tíre, a dtugann siad an baile anois uirthi, a fhoghlaim.
Is trí chaomhnú an cheangail cultúrtha láidir sin amháin ar féidir linn tuiscint a fháil ar ár stair choiteann mar aon le cuidiú lena forbairt agus a hábharthacht inár saol comhaimseartha; saol nach mór tuiscint a fháil air tríd an stair a mhúnlaigh muid.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú tréaslú le cartlann nua Chonradh na Gaeilge atá ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Léiríonn sé obair cheannródaíoch an chonartha i réimsí éagsúla, cosúil leis na feachtais i gcomhair seirbhís teilifíse agus raidió, Gaelscoileanna, údarás daonlathach Gaeltachta, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus cearta teanga ar an dá thaobh den Teorainn. Ina measc na n-ábhar, tá miontuairiscí agus cláir ó Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge ag dul siar go 1894, nuair a bhí céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde mar Uachtarán na heagraíochta.
B'oidhreacht thábhachtach a d'fhág Dubhghlas de hÍde. Seasann sibh leis an oidhreacht fhiúntach sin agus tugann sibh ómós di chomh maith nuair a dhearbhaíonn sibh ról Chonradh na Gaeilge mar fhóram daonlathach do phobal na Gaeilge.
Sa lá atá inniu ann, tá craobhacha ag Conradh na Gaeilge, ní hamháin ar fud na hÉireann ach thar lear, freisin. Bunaíodh Conradh na Gaeilge le linn tráth an-chorrach nuair a bhí ár dtír ag streachailt chun a féiniúlacht chultúrtha a aimsiú agus a athghabháil i rith laethanta luatha an tSaorstáit agus bhí sé lárnach i gcinntiú go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga bheo.
Trí fheachtasaíocht agus stocaireacht, agus trí ghrá dár dteanga a chothú i measc na ndaoine a bhíonn páirteach in bhur ranganna agus bhur gcúrsaí, agus trí dhiúltú géilleadh don drochmheas uathu siúd a mhaslaigh ár dteanga dhúchais thar na scórtha bliain, iad ag caitheamh léi mar theanga mharbh, thug sibh faoi dhúshlán i ndiaidh dúshláin agus tá ábhar mórtais ina bhfuil bainte amach agaibh.
Is cuid dínn féin an Ghaeilge, rud a chaithfear a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht agus a gcaithfidh siad siúd meas a chur air. D'oibrigh go leor daoine go dian lena chinntiú go bhfanfaidh sí i gcroílár ár bhféiniúlacht, teanga atá cuimsitheach go fírinneach ar féidir le saoránaigh d'aois ar bith agus faoi chúinse ar bith teacht a bheith acu uirthi agus í a labhairt le bród, le háthas agus go mbraitheann siad comhcheangal agus oidhreacht choiteann. Déanaimis rún leanúint leis an obair le linn na bliana seo ina mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san Aontas Eorpach, go gcuirfidh muid leis an éacht sin agus go gcinnteoimid go dtiocfaidh an lá nuair a chloisfimid a húsáid i ngnáthshaol mhuintir na hÉireann. Nár bhreá an chomhartha ómóis a bheadh ann do shaol agus d'oidhreacht Dhubhghlas de hÍde.
Glacaim buíochas libh arís as an ngradam seo agus glacaim leis le móráthas agus le fíorbhuíochas.