Media Library

Speeches

Aitheasc an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2021

1 March 2021

A Chairde,

Cuireann sé an-áthas orm a bheith libh, fiú go gcaithfidh sé bheith fíorúil i mbliana, chun tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh libh. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl do lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge as ucht an cuireadh a thug sibh dom a bheith in bhur dteannta inniu agus as ucht an obair fhiúntach atá faoi bhun agaibh. 

Is iad na grúpaí pobail, craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge agus na scoileanna fud fad na tíre, atá mar chroílár na seachtaine. Gabhaim buíochas libh uilig as ucht bhur gcuid oibre agus bhur n-iarrachtaí chun clár éagsúil imeachtaí a chur le chéile. Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain le linn fhéile na Seachtaine speisialta seo, a mhaireann ar feadh coicíse!

While many of us have the opportunity to use our Irish regularly, there is a real value in having an annual festival to encourage those who are new to the language, or who have not used what they have for some time. Irish is such a beautiful, expressive medium of communication, that connects us so deeply with our surroundings, with our past with nature and with each other. 

Seachtain na Gaeilge provides such an opportunity, one that enables us to engage or re-engage with the language and there is a rich programme of events set out for the coming weeks. The main thing is to use your Gaeilge, encourage others to do likewise and enjoy yourselves in the process. 

Mar aon leis na himeachtaí poiblí atá eagraithe, is féidir linn uilig iarracht sa bhreis a dhéanamh  leis an nGaeilge le linn na féile. 

Mar a dúirt mé, is go fíorúil atá muid le chéile inniu.   Níl aon dul as sin faoi láthair. Ach tá meáin nua, bainteach leis an nuatheicneolaíocht cumarsáide, a thugann misneach faoi leith dúinn toisc an méid duine atá ag tapú an deis a gcuid Gaeilge féin a athbheochan agus a chothú le haipeanna, ciorcail comhrá fíorúil agus ranganna ar-líne. Ta deis iontach ann anois do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, agus dóibh siúd atá ag iarradh í a chleachtadh, teacht le chéile go héasca agus go fíorúil. 

Is éard atá uainn ná daoine ar gach leibhéal a mhealladh don Ghaeilge.

Our goal must always be to promote Irish as a living, spoken language by speakers of all levels of proficiency in a way that is open, hospitable and joyful. 

I have recently spoken about the cultural trauma that results from imperialism, and how this may have helped to shape our own attitude to the Irish language and our usage of it. In encouraging each-other to use what Irish we have, we are making space for re-discovery and for re-connecting with our rich linguistic and cultural heritage, as well as joining a growing, vibrant, global community of Irish speakers. Language sharing, a noble endeavour in itself, can also be part of a joyful gathering or any exchange. 

An moladh atá agam i gcónaí ná “tabhair an dara seans don teanga”. Bain triail as. Bain sult as!

Is ábhar ceiliúrtha í an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht.  Is féile í Seachtain na Gaeilge don phobal i gcoitinne, idir nua-chainteoirí, chainteoirí líofa, agus iadsan go léir nach féidir a rangú go néata sna catagóirí seo.  Táimid go léir ar ócáidí mar seo ag ceiliúradh teanga atá cothaithe againn mar phobal in ainneoin bhrú an impiriúlachais, agus deacrachtaí agus dúshláin na staire.

Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear in Éirinn, anois, agus tábhacht na dtraidisiún éagsúil atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad na tíre.  Is áit ilteangach, ilchultúrtha í an t-oileán seo, idir an Ghaeilge, an Béarla agus an iliomad teanga a labhraítear in Éirinn go laethúil. Dá bharr sin, tugann sé áthas faoi leith dom go mbeidh lá na bPobal Nua á cheiliúradh le linn an Féile.  

The inclusion this year of a series of events being organised by Irish speakers drawn from new communities that have moved to Ireland, is to be welcomed.  Irish culture is at its best when it is inclusive, welcoming and open to celebrate the culture and languages of others.

Tá dualgas speisialta orainn mar shealbhóirí na dtraidisiún cultúrtha, agus cruthaitheoirí chultúir an todhchaí.     

I would like to thank this year’s ambassadors for using their influence in such a positive way and for sharing their own personal journeys of reconnecting with their language.  Sin iad, an t-amhránaí Imelda May, iománaí Declan Hannon agus an láithreoir raidió agus teilifíse Bláthnaid Tracey.  Tréaslaím libh agus le gach éinne ar fud na tíre agus thar lear a nglacfaidh páirt in imeachtaí Seachtain na Gaeilge agus atá ag obair go dian chun na himeachtaí seo a eagrú.

Ar aghaidh linn le chéile.

Beir beannacht agus go dté sibh slán.