Cuairt Stáit Uachtarán Phoblacht na Cróite
Dáta: Mái 28th Már, 2017 | 18:18
Tiocfaidh Uachtarán Phoblacht na Cróite, an tUasal Kolinda Grabar-Kitarovic, ar Cuairt Stáit go hÉirinn, a bheidh ar siúl idir an 3 agus an 5 Aibreán 2017.
Is cuairt ar son cuairte a bheidh á déanamh ag an Uachtarán Grabar-Kitarovic agus a fear céile, tar éis don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn Cuairt Stáit a thabhairt ar an gCróit in 2013, roinnt seachtainí roimh aontachas na tíre sin leis an Aontas Eorpach.
Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit maidin Dé Luain an 3 Aibreán le searmanas fáilte foirmiúil in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais fáilte fhoirmiúil beidh cruinniú idir an bheirt Cheannairí Stáit.
De réir an traidisiúin, cuirfidh an tUachtarán Grabar-Kitarovic crann i dtailte Áras an Uachtaráin, mar chomhartha ar an gcairdeas a cheanglaíonn an dá thír.
Tráthnóna an 3 Aibreán, cuirfidh an tUachtarán agus Bean Uí Uigínn Dinnéar Stáit ar siúl in onóir an Uachtaráin Grabar-Kitarovic.
Beidh clár Chuairt Stáit Uachtarán Phoblacht na Cróite bunaithe ar an dlúthcheangal idir an dá thír, agus é dírithe ar an gceangal cultúrtha, acadúil agus eacnamaíochta idir an Chróit agus Éire.