Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Ócáid Lá Raidió an Domhain

Dáta: Sat 13th Fea, 2016 | 10:15

Agus Lá Raidió an Domhain 2016 á cheiliúradh aige, dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn inniu:

“Tá dáimh ar leith ag muintir na hÉireann leis an bhfocal labhartha. Tá an scéalaíocht le hoidhreacht againn, agus sa lá atá inniu ann is féidir sin a bhrath san fhíric shuimiúil go gcaitheann muintir na hÉireann níos mó ama ná formhór na náisiún ag éisteacht leis an raidió.

Inniu, ar Lá Raidió an Domhain, spreagtar muid le smaoineamh ní hamháin ar an gcaoi ar athraigh an raidió ár saol, ach chomh maith leis sin go leanann an raidió ag múnlú ár saoil. Sa chaoi chéanna ar chuidigh sé linn ár saol a athrú san am atá caite, tá sé ag múnlú ár dtodhchaí. 

I dtíortha atá i mbun forbartha, tá saolta athraithe ó bhun aige tríd an mbearna idir shráidbhailte iargúlta agus margaí uirbeacha a dhúnadh. In Éirinn atá ag athrú go tapa, taobh istigh de phobal domhanda atá ag athrú, is féidir linn leas a bhaint as cumhacht an raidió le ceangal a chothú idir daoine, faisnéis a roinnt agus an t-eolas agus na luachanna atá riachtanach chun maireachtáil le chéile mar bhaill sochaí a chur chun cinn.

Is uirlis luachmhar atá sa raidió chun teachtaireachtaí na forbartha inbhuanaithe a chraobhscaoileadh agus chun freagairt don athrú aeráide, agus is é is tábhachtaí faoin raidio gur féidir é a úsáid chun meán a sholáthar dóibh siúd a dtugtar neamhaird go rómhinic orthu: an óige, iad sin atá imeallaithe, agus iad sin gan aon chumhacht.  

Is acmhainní sárluachmhara iad ár stáisiúin raidió náisiúnta, áitiúla agus pobail, chun muintir na tíre seo agus daoine níos faide i gcéin a chumasú. 

Agus costas an chraolacháin ag titim go leanúnach, tá deis thar na bearta againn glór a thabhairt dóibh siúd gan ghlór agus oibriú le chéile lena chinntiú go n-áirítear saoránaigh sa phlé agus sna cinntí a bhfuil tionchar acu ar a saol. 

Déanaimis ceiliúradh inniu ar chumhacht an raidió, agus déanaimis cinneadh é a úsáid chun sochair gach duine.”