Cuireann an tUachtarán a dhea-ghuí in iúl d’fhoireann na hÉireann & na Breataine Móire atá san iomaíocht do Chorn Curtis
Dáta: hAo 10th Mei, 2016 | 14:55
10 Meitheamh 2016
Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a dheá-ghuí in iúl inniu d’fhoireann na hÉireann agus na Breataine Móire atá san iomaíocht i gcomórtas gailf do Chorn Curtis, atá ar siúl i nDún Laoghaire:
“Ba mhaith liom dea-ghuí a chur chuig na hiomaitheoirí go léir i gCorn Curtis na bliana seo, agus gach rath ar fhoireann na hÉireann agus na Breataine Móire.
Gach re bliain tugann Corn Curtis deis dúinn tallanna agus scileanna na n-imreoirí ban amaitéaracha is fearr ó SAM, ón mBreatain agus ó Éirinn a fheiceáil.
Níl amhras ar bith orm ach go ndéanfaidh Maria Dunne, Leona Maguire agus Olivia Mehaffey ionadaíocht ar son na hÉireann chomh maith agus atá ar a gcumas, agus go mbeidh coimhlint bhríomhar eile i gcomórtas na bliana seo.
B’fhéidir gur féidir linn, agus Corn Curtis ar siúl in Éirinn den dara huair riamh, stair an Choirn a athrú agus tús a chur le ré rathúil do na hEorpaigh sa chomórtas.
Tá áthas orm tuairiscí a chloisteáil go bhfuil foireann na hÉireann agus na Breataine imithe chun cinn go luath sa chluiche ceathrair.
Guím gach rath orthu don todhchaí.”
