Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi ionsaí i Londain
Dáta: Céa 22nd Már, 2017 | 20:28
Agus freagairt á tabhairt aige ar ionsaí an lae inniu i Londain, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comhbhrón thar ceann mhuintir na hÉireann le clanna na ndaoine sin a bhásaigh agus a gortaíodh, de bharr an ionsaithe uafásaigh i Westminster.
Beidh an tUachtarán ag scríobh go foirmiúil chuig a Soilse, An Bhanríon Eilís II, agus chuig Méara Londan, Sadiq Khan, chun comhbhrón, trua agus bá mhuintir na hÉireann a chur in iúl dár gcomharsana ag an am deacair seo.