Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Shimon Peres

Dáta: Céa 28th Meá, 2016 | 07:39

"Is le brón mór a chuala mé faoi bhás Iar-Uachtarán Iosrael, agus buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána, Shimon Peres.
 
Bhí saol agus gníomhartha polaitiúla Shimon Peres múnlaithe ag a thiomantas domhain dá chuid idéal, ag a chríonnacht agus ag a dhíograis dá thír agus don tsíocháin sa réigiún.
 
Tugadh aitheantas don chur chuige a bhí aige maidir leis an tsíocháin nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána air féin agus ar Yitzhak Rabin agus ar Cheannaire na Palaistíne Yasser Arafat, in 1994.
 
Ba léiriú ar cheann d’eachtraí móra an fhichiú haois san Eoraip agus sa Mheán-Oirthear a bhí ina shaol, agus cuimhneofar air as an misneach a thaispeáin sé nuair a d’athraigh sé a chúrsa ón gcoimhlint go dtí an t-athmhuintearas.
 
Ar dheis Dé go raibh a anam."