Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Bun Cranncha

Dáta: Lua 21st Már, 2016 | 16:34

Ar a chloisteáil faoin timpiste thragóideach i mBun Cranncha, chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl do mhuintir  Mhag Ratha: 

“Is le dobrón a chuala mé faoin gcaillteanas uafásach beatha clainne i mBun Cranncha. 

Tá an-trua agam do dhaoine muinteartha Sheáin McGrotty, Mark McGrotty (12), Evan McGrotty( 8), Ruth Daniels agus Jodie Lee Daniels (14). 

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl don chlann agus dá pobal. 
Ar dheis Dé go raibh a n-anam.”