Ráiteas ó Áras an Uachtaráin - An Nua-Shéalainn
Dáta: Mái 24th Dei, 2017 | 10:26
D’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu go bhfuil Éire le hAmbasáid a bhunú go luath sa Nua Shéalainn.
Rinneadh an fógra agus an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag bualadh leis an nGobharnóir Ginearálta Patsy Reddy agus Sir David Gascoigne ar an gcéad lá dá gCuairt Stáit ar an Nua Shéalainn.
Léiríonn an cinneadh Ambasáid a bhunú an dlúthchaidreamh idir Éire agus an Nua Shéalainn i gcúrsaí idirnáisiúnta, agus an caidreamh sna Náisiúin Aontaithe san áireamh.
Tá sé fógraithe ag an Nua Shéalainn, chomh maith, go bhfuil sé i gceist Ambasáid a oscailt in Éirinn.