Media Library

News Releases

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Colm Rapple

Date: Mon 2nd Feb, 2015 | 11:47

Agus Colm Rapple á mholadh tráthnóna aige, dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins “ Is le dobrón a d’fhoghlaim mé faoi bhás Cholm Rapple.

Ba dhíol suntais tiomantas láidir Choilm don cheart sóisialta agus don chomhionannas le linn a shaoil fhada agus oirirc mar iriseoir. Bhí ardmheas air mar thráchtaire ar raon beartas poiblí, go háirithe ar cheisteanna comhionannais, sna meáin chlóite, ar an raidió agus ar an teilifís.

Ina cholúin san Irish Press agus san Irish Independent, chuir sé dearcadh seasmhach agus criticiúil ar chúrsaí beartais agus airgeadais os ár gcomhair, a raibh tionchar nach beag acu orainn. Bhí go leor teaghlach faoi chomaoin aige as a chomhairle shoiléir ar chúrsaí airgeadais laethúla a raibh teacht air go héasca.

Aireoidh muintir na hÉireann uathu go mór é, pobal a raibh sé an-tiomanta dóibh, agus a ndearna sé cion tairbhe ar a son.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá bhean Nuala, dá chlann Simone agus Rory agus dá mhuintir agus dá chairde go léir. – 31 Eanáir 2015