Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dario Fo

Dáta: Déa 13th Dei, 2016 | 10:43

"Is le brón a chuala mé faoi bhás an scríbhneora cháiliúil Iodálaigh agus intleachtóir poiblí Dario Fo, ar léiríodh a dhrámaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Tugadh onóir dó nuair a bronnadh Duais Nobel na Litríochta air in 1997, agus léiríodh a dhrámaí ar ócáidí éagsúla in Éirinn.

Ar fud a chuid oibre agus a chuid scríbhneoireachta, thug Dario Fo dúshlán na nósmhaireachta bunaithe, agus réimse na polaitíochta san áireamh. Dearbhaíodh é mar scéalaí ar leith mar gheall ar a ionchur san amharclannaíocht sheiftiúil agus sa bhéaloideas agus sa téatar sráide i gcultúr na hIodáile. Tá urlabhraí cumhachtach ar son na cruthaitheachta agus na n-ealaíon caillte ag an Eoraip.

Aireofar uainn a dhea-chaint, a mhisneach agus a thallann treascrach, ní hamháin uathu siúd a dtaitníonn an téatar go mór leo ach gach duine a bhfuil meas aige ar smaointeoireacht úrnua agus ar chaidreamh polaitíochta."