Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás William Trevor
Dáta: Lua 21st Sam, 2016 | 18:47
Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh William Trevor, an t-úrscéalaí, drámadóir, dealbhóir agus iarmhúinteoir iomráiteach.
Thug a chomhscríbhneoirí agus a léirmheastóirí aitheantas do shaothar William Trevor mar chuid den saothar liteartha is breátha a cruthaíodh in Éirinn. Thuill sé cáil sa bhaile agus thar lear, agus ba phribhléid domsa a bheith ábalta an teideal Saoi Aosdána a bhronnadh air, aitheantas óna chomhealaíontóirí, agus teideal a thugtar dóibh siúd a bhfuil cion tairbhe buan ar leith déanta acu sna healaíona cruthaitheacha.
Ba scríbhneoir snasta a bhí ann, ina chuid focal agus ina chuid téamaí.
Is í a bhean Jane, agus a mbeirt mhac Patrick agus Dominic is mó a aireoidh uathu é agus cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón chucu. Chomh maith leis sin, is caillteanas mór a bhás do na léitheoirí sin go léir a bhfuil meas acu ar chumhacht an fhocail allabhraigh agus ar áille scéil dhea-inste.