Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán ar bhás an Ollaimh Anne Crookshank

Dáta: Déa 20th Dei, 2016 | 13:53

 “Is le brón mór a chuala mé faoi bhás an Ollaimh Anne Crookshank.

Ar feadh a saoil agus a gairmréime, rinne Anne Crookshank staidéar, ceiliúradh agus clárú ar ealaín agus ar phictiúir na hÉireann le saineolas, paisean agus fuinneamh a bhí mar spreagadh ag an iliomad tionscnamh i dtaca le hoidhreacht na hÉireann.

Agus í ina hOllamh Emeritus i Stair na hEalaíne nó ina Coimeádaí Ealaíne i Músaem Uladh, chuir sí a taithí chun tairbhe i réimse tionscnamh éagsúil, amhail Cumann Seoirseach na hÉireann, athchóiriú Theach Bhaile an Chaisleáin agus bunú Áras Nua Ealaíne na hÉireann, agus rudaí eile nach iad.

Cuimhneofar ar Anne Crookshank ní hamháin mar gheall ar a heolas dosháraithe ar phéintéireacht na hÉireann agus ar a grá d’oidhreacht na hÉireann, ach mar gheall ar a gnaíúlacht, ar a disciplín agus ar a hionracas séimh a spreag dlúthchairdeas, ar a labhair gach duine a raibh aithne acu uirthi.

Bhí turas suaithinseach agus iontach aici tríd an saol agus d’fhág sí áthas agus críonnacht agus grá den scoth mar oidhreacht.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá muintir, dá cairde, dá comhghleacaithe san ealaín agus san oidhreacht agus don iliomad iarscoláirí dá cuid a aireoidh uathu go mór í, ach an oiread leo siúd go léir a chomhroinneann a meas ar an áilleacht, ar an ealaín agus ar an tiomantas don oidhreacht.”