Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás John Montague
Dáta: Sat 10th Nol, 2016 | 12:13
Is le dobrón a chuala mé faoi bhás John Montague, duine dár sárfhilí, agus an chéad Ollamh Éigse Éireann 1998, agus fear ar tugadh aitheantas le gairid dó ag Gradaim Leabhar na hÉireann nuair a bronnadh Gradam Saoil air de bharr a bhfuil déanta aige ar son na litríochta.
Is caillteanas mór eile atá i mbás John Montague do litríocht na hÉireann, briseadh eile sa bhailiúchán saibhir saothair ar thabhartas filí agus drámadóirí d’Ulaidh, d’Éirinn agus don domhan a bhí ann.
Chuaigh John Montague i ngleic leis na téamaí uile sa chéad seo caite ina chuid saothair – an scaradh, an deoraíocht, an chuimhne, an choimhlint, cruthú agus múineadh na filíochta i dtimpeallachtaí acadúla i bhfad agus i gcéin, agus an dúshlán a bhain lena cur i láthair, ar tugadh faoi ar bhealach gnaíúil san iliomad suíomh.
Ba rí-mhaith a shaothar, lena n-áirítear dánta grá den scoth agus go deimhin dánta a léiríonn grá don domhan agus a bhfuil d’iontais ann.
Chuir John Montague saothar i dtoll a chéile a d’aithin a chomhfhilí mar shaothar den scoth – línte snoite as taithí saoil mar a bheadh as cloch eibhir, gan dada seachanta, agus lean an scríbhneoireacht seo ar aghaidh go dtí an deireadh.
Bhí eolas aige ar an litríocht i dteangacha eile, b’aistritheoir cúramach a bhí ann agus foinse inspioráideach do dhaoine eile.
Aireoimid go léir uainn é, a raibh sé de phribhléid againn a bheith inár gcairde leis agus bhí go leor cairde aige, agus a chomhluadar umhal, a ghreann tráthúil, agus a mheon oscailte maidir le tuairimí malartacha.
Ba mhaith liomsa agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Elizabeth Wassell; dá iníonacha Sibyl agus Oonagh, agus dóibh siúd go léir a raibh gean acu air.