Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an Iar-Sheansailéara Helmut Kohl.

Dáta: hAo 16th Mei, 2017 | 17:51

 
 
“Is cúis bhróin dom a chloisteáil go bhfuair an tIar-Sheansailéir Helmut Kohl bás.
 
Cuimhneofar air as a thréimhse 16 bliana in oifig, chomh maith lena ról in athaontú na Gearmáine Thoir agus Thiar in 1990.
 
Bhí sé diongbháilte ina thiomantas don tionscadal Eorpach, agus is minic a rinne sé tagairt don Teach Eorpach comhchoiteann a mbeadh ról ag gach duine ina thógáil.
 
Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus do mhuintir na Gearmáine.”