Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an ghníomhaí ar son chearta daoine faoi mhíchumas, Máirtín Ó Neachtain

Dáta: Déa 13th Dei, 2016 | 16:28

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ómós don ghníomhaí ar son chearta daoine faoi mhíchumas, Máirtín Ó Neachtain, inniu an 13 Deireadh Fómhair 2016.


"Is le brón mór a chuala mé faoi bhás Mháirtín Uí Neachtain, feachtasóir ar son cearta do dhaoine faoi mhíchumas agus urlabhraí díograiseach ar son chearta an duine.

Bhain Máirtín Ó Neachtain amach meas agus ómós ón saol mór trína fheachtas ar feadh a shaoil chun daoine faoi mhíchumas a chuimsiú sa tsochaí agus trína chuid oibre leis an iliomad eagraíochtaí reachtúla agus neamhrialtasacha, an ghluaiseacht Maireachtáil Neamhspleách, Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, Áiseanna Tacaíochta, Disability Options agus Vantastic ina measc.

Tar éis a thaithí ina óige ar an gcleachtas maireachtála in institiúidí a bhí forleathan lá den saol, d’iompaigh sé ina fheachtasóir iontach dochloíte ar son cheart na ndaoine faoi mhíchumas maireachtáil ina dtithe agus ina bpobail féin. 

Mar ghníomhaí polaitiúil, bhí an fhís, na scileanna agus an diongbháilteacht ag Máirtín Ó Neachtain dlúthpháirtíocht a thógáil eatarthu siúd go léir a dhéanann a ndícheall comhionannas, dínit agus comhlíonadh chearta an duine do gach grúpa sa tsochaí a bhaint amach, agus dá réir ba chrann taca a bhí ann don iliomad grúpaí ceartais shóisialta.  

B’inspioráid a bhí ina throid ar son an chomhionannais in Éirinn agus thar lear.

Aireoidh ní hamháin a dheirfiúracha agus a mhuintir, ach a chiorcal leathan cairde agus tacadóirí Máirtín Ó Neachtain uathu.

Ar dheis de raibh a anam."