Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Anthony Cronin
Dáta: Céa 28 Nol, 2016 | 15:15
“Ba chúis mhór bhróin dom nuair a chuala mé inniu faoi bhás Anthony Cronin, file, úrscéalaí, beathaisnéisí Samuel Beckett, scríbhneoir aistí agus léirmheastóir.
Ina mháistir ar an dán fada, bhí sé dílis don traidisiún scoláireachta de thuiscint ar an bhfile, ar an dán agus ar an stair agus rinne Anthony Cronin cion fir do shaol agus d’íogaireacht na hÉireann.
Bhí sé gníomhach i gcoinne na cinsireachta sna 1950idí agus d’oibrigh sé le Peadar O’Donnell ar The Bell agus ina dhiaidh sin fuair sé post thar lear.
Bhí sé tiomanta do cheart na n-ealaíontóirí slí mhaireachtála bhunúsach a bheith ar fáil dóibh agus dá bharr sin bhí ról aige i mbunú Aosdána, mar a ndearnadh Saoi de in 1993.
Ba é a leagan sin den Phoblacht poblacht na smaointe, ceann idirnáisiúnta a bheadh feasach agus nach mbeadh teoranta ag aon teanga amháin.
Léirmheastóir breá a bhí ann, agus ba chomhartha luath ar an tuiscint liteartha a bhí aige i dtaca lena shaothar ceannródaíoch ar Samuel Beckett a aiste ar Joyce agus an Nua-aoiseachas.
Bhí sé díograiseach don fhilíocht, agus chuir sé saothair aitheanta eicléictiúla áille, a ndearnadh neamhshuim díobh go minic, os comhair glún nua.
Ba phribhléid mhór dom aithne a bheith agam air mar chara agus cairde coiteanna a bheith againn, leithéidí Pheadair O’Donnell agus an iliomad eile de ghlúine éagsúla.
Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Anne, dá chairde go léir i saol an léinn, agus dóibh siúd go léir a aireoidh uathu a ghreann, a dheisbhéalaí sa tsáraíocht agus a acmhainn chun an saol agus a chontrárthachtaí a ghlacadh chuige féin go fonnmhar. ”
