Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi thorthaí thoghchán na Fraince
Dáta: Dom 7th Bea, 2017 | 22:46
Tá Uachtarán na hÉireann tar éis scríobh chuig an Uachtarán tofa Macron chun gach dea-ghuí a thabhairt dó i dtaca le huachtaránacht rathúil.
Ina theachtaireacht dúirt an tUachtarán go gcuirfidh gach duine a bhfuil dioscúrsa dearfach ar cheisteanna na linne uathu, a mbraitheann go leor daoine iad a bheith bagrach, fáilte roimh thagairtí an Uachtaráin thofa don ghá le cuspóir na hEorpa a athnuachan, bunaithe ar luachanna Eorpacha agus ar thiomantas a uachtaránachta don dul i ngleic ní hamháin le cúrsaí na Fraince ach le cúrsaí na hEorpa agus an domhain chomh maith.
