Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar “Uair ar son an Domhain”
Dáta: Aoi 24 Már, 2017 | 13:11
Tá iarrtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus ag Saidhbhín go gcasfaí as gach solas nach bhfuil riachtanach in Áras an Uachtaráin idir 8.30 p.m. agus 9.30 p.m. Dé Sathairn 25 Márta, chun “Uair ar son an Domhain” a cheiliúradh.
Ní fhágfar ach solas ón lampa Tilley san fhuinneog, mar chomhartha fáilte d’eisimircigh na hÉireann.
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis tacaíocht a iarraidh don “Uair ar son an Domhain” :
“Is ócáid dhomhanda dhlúthpháirtíochta ar mhaithe le gníomhaíocht ar son na haeráide atá san Uair ar son an Domhain. Beimid ag casadh as na soilse in Áras an Uachtaráin, mar a bheidh á dhéanamh san iliomad foirgneamh aitheanta, agus sna milliúin teach ar fud an domhain, mar bheart siombalach chun aird a tharraingt ar an ngá le gníomhú ar son na haeráide.
Sa bhliain 2015, tháinig ceannairí domhanda ar chomhaontú maidir le straitéis dhomhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is faoi gach uile dhuine dínn anois, inár dtithe agus inár láithreacha oibre, na comhaontuithe sin a thiontú ina dtionscnaimh agus ina n-éachtaí.
Is siombail atá in Uair ar son an Domhain den chumhacht chomhchoiteann ar féidir é a scaoileadh lenár ngníomhartha aonair.”
